Folúntais - 3 Chlár Reachtaire i gCasla
Tá trí fholúntas againn do Chlár Reachtairí i gCeannáras RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla. Is postanna lán-aimseartha iad: dhá cheann ar chonradh leanúnach agus ceann eile ar chonradh dhá bhliain.
I measc na ndualgas a bheidh ar an gClár Reachtaire, beidh:
Tá muid ag lorg daoine le:
Beidh solúbthacht agus uaireanta neamhrialta i gceist sa dá ról, an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí san áireamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh taisteal i gceist ó am go chéile ag brath ar na dualgais oibre. Mar chuid den phróiseas roghnaithe beidh agallamh, measúnú agus tástálacha micreafóin.
Is buntáiste é taithí craoltóireachta a bheith ag duine.
Is í an Ghaeilge teanga oibre agus craoltóireachta na seirbhíse.
Scála Pá: €47,298 - €63,377 comhlán in aghaidh na bliana.
Iarrtar ar iarrthóirí Curriculum Vitae a chur ar aghaidh chomh maith le litir chumhdaigh – ní mór an dá cháipéis a bheith i nGaeilge, agus mar chomhad amháin mar chuid den chóras iarratais ar líne.
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas ná Dé hAoine, an 15 Feabhra 2019, ag a 5 i.n.
Cuirtear isteach ar an bpost ag an nasc seo agus tá breis eolais le fáil ansin freisin.
Mairéad Leonard agus a mac Ethan as an gCaisleán Gearr & Cáit Ní Dhónaill, múinteoir rang a trí i Scoil Náisiúnta Iognáid.
An tOllamh Muiris Ó Suilleabháin, Scoil na Seandálaíochta i gColáiste Ollscoile, Bhaile Átha Cliath & Ball den Chomhairle Oidhreachta.
Seán Breathnach, Peadar Breathnach, Tom Whelan, Éamonn Ó Suilleabháin & Paul Ó Cadhain ó Chumann Seid na bhFear, Corr na Móna.