Comhdháil na gCeoltóirí - The Musicians' Congress
Dé Sathairn 6 Feabhra, don chéad uair, reáchtálfar Comhdháil na gCeoltóirí in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh mar chuid d'imeachtaí dheireadh seachtaine Bhonn Óir Seán Ó Riada.
Beidh an Chomhdháil ar siúl Dé Sathairn ó 2 pm go 5 pm, agus beidh réimse cainteoirí ó thionscal an cheoil páirteach ann agus iad ag cur comhairle ar cheoltóirí traidisiúnta maidir le cúrsaí maoinithe, poiblíochta, árachais, cóipchirt, margaíochta agus foilsitheoireachta, i measc rudaí eile. Beidh ionadaithe ó IMRO, An Chomhairle Ealaíon agus Gael Linn i measc na gcainteoirí.
€5 an cead isteach, agus ba cheart do dhaoine go bhfuil spéis acu freastal ar an ócáid é sin a chur in iúl tré ríomhphost a sheoladh chuig claru@cuireadhchunceoil.ie .
The Musicians’ Convention on Saturday 6 February in the Rochestown Park Hotel is intended to help and advise traditional musicians on a host of subjects. It will run from 2 pm to 5 pm, with speakers from the music industry giving talks on funding opportunities, publicity, insurance, copyright, marketing and publishing, amongst other topics. Speakers will include representatives from IMRO, the Arts Council and Gael Linn, and entry is €5. Musicians interested should register by emailing claru@cuireadhchunceoil.ie .
_____________________________________________________________________
Comhdháil na gCeoltóirí
Dé Sathairn 6 Feabhra 2016
2:00 pm – 5:00 pm
Á eagrú ag Iontaobhas Fódhla i gcomhar le
GaelTaca le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta
2:00 pm Fáiltiú – Peadar Ó Riada, ceoltóir, cumadóir, craoltóir.
2:10 pm Keith Johnson, IMRO
Na deiseanna a chuireann IMRO ar fáil do cheoltóirí agus d’amhránaithe le tagairtí do chóipcheart
2:30 pm Antaine Ó Coileain, Gael Linn
Cúrsaí foilsitheoireachta do cheoltóirí
2:50 pm Caitríona Ní Bhaoill, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Poiblíocht do cheoltóirí, cur chuige maidir le preasráitis, úsáid na meán shóisialta
3:10 pm Labhrás Ó Murchú, Ard Stiúrthóir, Comhaltas Ceoltóirí Éireann
Gréasán an Chomhaltais in SAM
3:30 pm Catherine Boothman, An Chomhairle Ealaíon
Moltaí maidir le hiarratas a phleanáil & a réiteach
3:50 pm Briseadh Caifé
4:10 pm Faoistíní Boird
Deis ag ceoltóirí agus amhránaithe bualadh leis na haíonna le ceisteanna sonracha ar leith
5:00 pm Deireadh
Beidh seirbhís comhuaineach á chur ar fáil le linn na comhdhála.
We will have a simultaneous translation service throughout the conference.
Beidh seirbhís ateangaireanta á soláthar le linn na comhdhála ag:
An tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta,
Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
00 353 21 4903105 http://www.ucc.ie/ga/igl/