Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Ardtráthnóna Dé Máirt 17 Meán Fómhair 2019

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh agus ag ceol freisin.

Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Various topics discussed range from people's everyday lives to tragic events, joyful events, lore, tradition and superstition. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Ardtráthnóna

Caint, comhrá agus ceol, curtha i láthair beo ag Máirtín Tom Sheáinín.

Ardtráthnóna: Déardaoin 17 Meán Fómhair 2019.

Ardtráthnóna: Déardaoin 17 Meán Fómhair 2019.

Róisín Seoige - Ambassadóir oíche Chultúrtha: Píosa Filíochta - An Fharraige á rá ag Cáit Ní Choisdealbha: Séamus Ó Gabháin - Tobar Chuana: Dara Phat Stephen O'Toole - Ceol.

Róisín Seoige.

Róisín Seoige.

Tá Róisín le bheith ina Ambassadóir don oíche chultúrtha a bhéas ar siúl Dé hAoine ar an Spidéal. Beidh lear mór amhránaithe agus ceoltóirí ag teacht le chéile Tigh Ghiblin Dé hAoine.

Filíocht - An Fharraige.

Filíocht - An Fharraige.

Píosa Filíocht "An Fharraige" a chum Johnny Chóil Mhaidhc agus dá athris ag Cáit Ní Choisdealbha, deirfiúr Johnny.

Séamus Ó Gabháin, Maigh Cuilinn.

Séamus Ó Gabháin, Maigh Cuilinn.

Beidh ceiliúradh dá dhéanamh ar thobar Chuana tobar beannaithe i gCaladh na Muc , Dé hAoine seo chugainn. Tá an tobar seo ann le cúpla céad bliain. Bhíodh cáil ar an tobar mar áit a rachadh daoine le leigheas na súl a fháil.

Dara Phat Stephen O'Toole, as Tír Fhia.

Dara Phat Stephen O'Toole, as Tír Fhia.

Bhí Dara ag labhairt faoina chuid ceoil ar an meloidean. Tá dlúthdhiosca atá déanta aige le cúnamh óna mhac, tá súil aige an dlúthdhiosca a chur in oiriúint le díol sna siopaí amach anseo.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

at@rte.ie

+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís