Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Ardtráthnóna Déardaoin 16 Bealtaine 2019

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh agus ag ceol freisin.

Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Various topics discussed range from people's everyday lives to tragic events, joyful events, lore, tradition and superstition. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Ardtráthnóna

Caint, comhrá agus ceol, curtha i láthair beo ag Máirtín Tom Sheáinín.

Ardtráthnóna: Déardaoin 16 Bealtaine 2019.

Ardtráthnóna: Déardaoin 16 Bealtaine 2019.

Aodán Mac Donnacha - Gleoiteog "Ceol na Mara" á lainseáil i gCéibh Chaladh Thaidhg: Áighne Ní Chadhain - Seó "Celtic Dream the Show": Pádraic Laffey - Cluiche Peile.

Aodán Mac Donnacha.

Aodán Mac Donnacha.

Beidh an Gleoiteog "Ceol na Mara" á lainseáil i gCéibh Chaladh Thaidhg tráthnóna Dé Sathairn. Tá Ceol na Mara déanta suas as an nua ag Aodán agus ba ag a Uncail Cóilín a bhí an bád ar dtús beannacht Dé leis.

Áighne Ní Chadhain, as Leitir Mucú.

Áighne Ní Chadhain, as Leitir Mucú.

Ag cur síos ar an seó "Celtic Dream the Show" atá le tosnú, Dé Luain i dTeach Ósta, Monroe's i gCathair na Gaillimhe. Beidh idir ceol, damhsa agus amhránaíocht sa seó seo. Is í Áighne an t-aon amhránaí atá sa Seó agus beidh Orla Leavy as an Aird Mhóir ag ceol ann.

Áighne Ní Chadhain.

Tuilleadh eolas maidir leis an seó "Ceol na Mara".

Pádraic Laffey, As an Fhairche.

Pádraic Laffey, As an Fhairche.

Tá os cionn céad duine ag teacht as Baile Álainn, Co. na Mí ag an deireadh seachtaine go dtí an Fhairche le cluiche peile a imirt i gcoinne an fhoireann áitiúil. D'fhág go leor as ceantar Dhúiche Sheoigheach sa mbliain 1940 le cur futhú i mBaile Álainn.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

at@rte.ie

+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís