Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Ardtráthnóna Dé Luain 12 Márta 2018

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh agus ag ceol freisin.

Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Various topics discussed range from people's everyday lives to tragic events, joyful events, lore, tradition and superstition. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Ardtráthnóna

Caint, comhrá agus ceol, curtha i láthair beo ag Máirtín Tom Sheáinín.

Ardtráthnóna: Dé Luain 12 Márta 2018.

Ardtráthnóna: Dé Luain 12 Márta 2018.

Bríd de Róiste agus Pádraig Seighe - Comórtas Pan Ceilteach: Mícheál Ó Catháin agus Seán Ó Gallchóir - Heileacaptar tarrthála R116.

Bríde de Róiste, Comótas Náisiúnta an Pan Ceilteach agus Pádraig Seoighe, amhránaí as Ros a' Mhíl.

Bríde de Róiste, Comótas Náisiúnta an Pan Ceilteach agus Pádraig Seoighe, amhránaí as Ros a' Mhíl.

Bhí comórtas Náisiúnta Pan Ceilteach ar siúl in Óstán an Seven Oaks i gCeatharlach oíche Dé Sathairn seo caite. Is é Pádraig Seoighe, as Ros a' Mhíl a bheas ag déanamh ionadaíocht ar son na hÉireann i gcomórtas Idir Náisiúnta Pan Ceilteach i Leitir Ceanainn i mí Aibreán leis an tamhrán "Ar Saoire".

Mícheál Ó Catháin, as an bhFál Mór agus Seán Ó Gallchóir, Cathaoirleach Chomharchumann Deirbhle.

Bhí Mícheál ar dhuine de na daoine a bhí ag rothaíocht ó Aerfort Bhaile Átha Cliath go dtí an Fód Dubh ar an deireadh seachtaine. Is i gcuimhne ar chriú héileacaptar tarrthála R116 de chuid an Gharda Cósta a bhásaigh nuair a chuaigh an héileacaptar i bhfarraige gar de Charraig an Tóir amach ón bhFód Dubh.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

at@rte.ie

+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís