Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Podchraoltaí

Déardaoin 7 Samhain

Bríd de Róiste, ó Choiste Pan Ceilteach.

Beidh comórtas Amhrán Nua Chumtha Pan Cheilteach ar siúl arís ar an 22 Feabhra, 2020. Thug Bríd le fios go Dé hAoine 15 Eanáir, 2020 an dáta deireadh le cur isteach ar an gcomórtas.

Seáinín Chóil Nana Pháidín Mac Donnacha.

Beidh Féile na Mí ar siúl ar an deireadh seachtaine 16 agus 17 Samhain. Rinne Seáinín cur síos ar na himeachtaí a bhíos ar siúl ag an bhFéile.

Paddy Ó Biadh, as Leitir Mealláin.

Ag cur síos ar Fhéilire 2020 Oidhreacht na nOileán atá le ceannacht ins na siopaí faoi láhair.

Ardtráthnóna: Déardaoin 07 Samhain 2019.

Paddy Ó Biadh - Féilire 2020 Oidhreacht na nOileán: Seáinín Chóil Nana Pháidín Mac Donnacha - Féile na Mí: Bríd de Róiste.

Dé Céadaoin 6 Samhain

Mír na Cartlainne.

Mír na Cartlainne - Gary Mac Mathúna, Mhairéad Ghineá agus Maidhc Dainnín Ó Sé, nach maireann.

Nan Tom Taimín de Búrca.

Tá dlúthdiosca nua curtha amach ag Nan agus is amhráin ceol tíre as Béarla. Beidh sí dhá sheoladh Tigh Mheaic oíche Dé Sathairn. Labhair Nan ar na hamhráin a bhíonn á chasadh ag comórtais sean-nóis ag an Oireachtas agus na hamhráin nach dtabharfadh sí fhéin aon mharc dóibh dhá mbeadh sí ag moltóireacht.

Ardtráthnóna: Dé Ceadaoin 06 Samhain 2019.

Nan Tom Taimín de Búrca - Dlúthdhiosca nua: Mír na Cartlainne.

Dé Máirt 5 Samhain

Ar an mBóthar: Dé Máirt 05 Samhain 2019.

Pádraic Mhichael Phatch a Bhreathnaigh - Ag cur síos ar a athair Michael Phatch agus a chuid filíocht agus labhair sé ar an tréimhse a chaith sé fhéin agus a bhean Máirín i Sasana.

Dé Luain 4 Samhain

Ardtráthnóna: Dé Luain 04 Samhain 2019.

Seán Mac Conamara - Cur síos ar Choiste Cearta Daonna a bunaíodh in Acaill sa mbliain 1967. Tharla sé de bharr gur tugadh seasca ceathair duine os cóir na cuairte in Acaill de bharr go dtáinig siad abhaile as Sasana aimsir an ghalar Crúb agus Béil i 1967.

Déardaoin 24 Deireadh Fómhair

Caitríona Ní Cheannabháin.

Ag cur síos ar na himeachtaí a bhéas ar siúl ag Éigse Mhichael Mháire Ghabha an deireadh seachtaine seo i gCarna. Labhair Caitríona freisin ar an uair a chaill sí a glór agus an chaoi a fuair sí leigheas air.

Seán Ó Gráinne, as na Forbacha.

Ag labhairt ar an gCóir as an mBreatain Beag atá le dhá choirmcheoil a bheidh acu i nGaillimh ceann i Séipéal Bhearna, oíche Shamhna agus ceann eile i Séipéal St. Nicholas i nGaillimh ar an gcéad lá do mhí na Samhna.

Ardtráthnóna: Déardaoin 24 Deireadh Fómhair 2019.

Seán Ó Gráinne - Cóir as an mBreatain Bhig i Séipéal Bhearna oíche Samhna: Caitríona Ní Cheannabháin - Éigse Mhichael Mháire Ghabha.

Dé Céadaoin 23 Deireadh Fómhair

Ar an mBóthar: Dé Céadaoin 06 Meitheamh 2019.

Éamonn Mac Con Rí - Bhí Éamonn ag cur síos ar a shaol agus a shaothar.

Dé Máirt 22 Deireadh Fómhair

Ar an mBóthar: Dé Máirt 22 Deireadh Fómhair 2019.

John Twin MacNamara: Ag cur síos ar a mhuintir agus a shaol in Acaill. Creideann sé sa mallacht a cuireadh ar fhoireann Mhaigh Eo. Bhí sé ag Craobh Ceannais na hÉireann i 1951 nuair a bhuaigh Maigh Eo.

Dé Luain 21 Deireadh Fómhair

Biddín Sheáin Dharach Seoighe, as an gCladach ó Dheas, Ros Muc.

Bhí Biddín ag ceiliúradh a lá breithe Dé Sathairn seo caite agus í céad bliain d’aois. Tháinig Biddín ar an saol ar an 20 Deireadh Fómhair, 1919. Chuaigh Máirtín Tom Sheáinín ar cuairt aice agus rinne sí cur síos ar a saol agus a saothar agus na hathraíodh atá feicthe aice le céad bliain.

Ardtráthnóna: Dé Luain 21 Deireadh Fómhair 2010.

Biddín Sheáin Dharach Seoighe - Bhí Biddín céad bliain d'aois, Dé Domhnaigh seo caite.

Déardaoin 17 Deireadh Fómhair

Ardtráthnóna: Déardaoin 17 Deireadh Fómhair 2019.

Pádraic Phádraic Thomáis Ó Raghallaigh - Teneriffe agus Luibheanna: Péadraic Mac Donncha agus Colm Mac Con Rí - Taithí Oibre i Raidió na Gaeltachta: Séamus Ó Scanláin - Gradam an Oireachtais.

Dé Céadaoin 16 Deireadh Fómhair

Mír na Cartlainne.

I mír na Cartlainne is léacht a thug Ian Lee in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua faoi amhránaithe agus ceoltóirí as Conamara a thóg RTÉ ó 1947.

Máirín Mhic Lochlainn.

Ag labhairt faoi go mbeidh oícheanta airneáin ag tosú ar ais san oíche amárach i leabharlann na Ceathrú Rua. Tá na hoícheanta ar siúl le ocht mbliana agus tá míle fáilte roimh an bpobal.

Máire Ferrins, Dubhithir, Carna.

Bhí Máire ag glaoch ar an gclár ag cuartú uibheacha ó aon duine don phobal a mbeadh siad acu le haghaidh an chearc a chuir ar gur.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 16 Deireadh Fómhair 2016.

Máire Ferrins - Cearca: Máirín Mhic Lochlainn - Oícheanta Airneáin: Mír na Cartlainne.

Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair

Liam Ó Droma, fiaclóir ar an Spidéal.

Bhí Liam ag tabhairt le fios go mbeidh deis ag daoine tástáil a fháil déanta le haghaidh ailse béil, saor in aisce, amárach Dé Céadaoin, san Ionad Fiaclóireacht atá aige ar an Spidéal.

Fearghas Mac Lochlainn, Príomhoide Scoil Sailearna.

Tá coiste tuismitheoirí Scoil Sailearna ag eagrú biongó mór Dé Domhnaigh seo chugainn ar mhaith le airgead a bhailiú don scoil. Bhí Fearghas labhairt faoi bheith ag éirí as a phost mar phríomhoide ar Scoil Sailearna tar éis ocht mbliana déag.

Ardtráthnóna: Dé Máirt 14 Deireadh Fómhair 2019.

Fearghas MacLochlainn - Biongó Scoil Sailearna: Rós Uí Bhraonáin, Ailish Bhreathnach, Máirín Uí Ghionnáin agus Pádraic Seoighe - Tomhais: Liam Ó Droma - Ailse béil.

Dé Luain 14 Deireadh Fómhair

Pacáiste ó Éigse Dharach Uí Chatháin, i Rath Chairn.

Bhí Máirtín i Rath Cairn ar an deireadh seachtaine ag Éigse Dharach Uí Chatháin agus labhair sé le roinnt daoine agus chas roinnt daoine amhráin agus píosaí ceoil.

Ardtráthnóna: Dé Luain 14 Deireadh Fómhair 2019.

Éigse Dharach Úí Chatháin : Máire Ní Oibicín- Tomhais.

Dé Céadaoin 9 Deireadh Fómhair

Mír na Cartlainne - Máire Pheaitín Terry Mhic Dhonnchadha, nach maireann.

Mír na Cartlainne - Píosa cainte a rinne Máire ar an gclár 'Ag Breathnú Uaim' ar an 14 Deireadh Fómhair 2001 le Marian Nic Con Iomaire. Labhair sí ar Bruce Ismay agus ar an am a chaith sé i Lodge Chasla.

Andreas Vogel, Gearmánach ó dhúchas agus atá ag obair le Muintearas.

Ag cur síos ar an togra atá idir lámha aige faoi láthair ina bhfuil naonúr filí as ceantar na nOileán a mbeidh a gcuid amhráin á chur ar App agus a bhéas le feiceáil ar YouTube agus Instagram amach i dtús na bliana seo.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 09 Deireadh Fómhair 2019.

Andreas Vogel - App amhráin: Mír na Cartlainne.

Dé Luain 7 Deireadh Fómhair

Cóilín Mullens, Cathaoirleach Coiste Peile na bPiarsaigh.

Rinne Cóilín cur síos ar an gcomóradh atá le bheith ag Cumann na Piarsaigh trí scór bliain an deireadh seachtaine seo an 12 agus 13 Deireadh Fómhair.

Paddy Folan, as Rosmuc agus Meaití Ceven Ó Niadh, Uachtarán Chumann Peile na bPiarsach.

Tá Cumann Peile na bPiarsach i Ros Muc ag ceiliúradh trí scór bliain ar an bhfód i mbliana. Labhair Paddy agus Meaiti ar stair an Chumainn agus nuair a thosaigh siad an chéad lá riamh ag cruinniú a bhí i gCamus.

Máire Rua Uí Chonbhuí, as Carna.

Ag labhairt ar an mbingo atá ag tosú i gCarna anocht ar mhaithe le airgead a bhailiú do Ionad Cúram Leanaí Charna le cúnamh a thabhairt i dtaobh costais an Ionad.

Ardtráthnóna: Dé hAoine 07 Deireadh Fómhair, 2019.

Máire Rua Uí Chonbhuí - Bingo i gCarna: Paddy Folan, Meaití Ceven Ó Niadh agus Cóilín Mullen - Cumann Peile na bPiarsach trí scór bliain.

Déardaoin 3 Deireadh Fómhair

Felicitas Payk agus Angelika Belz, as an nGearmáin.

Tá Felicitas agus Angelika ar cuairt ar Éirinn faoi láthair agus iad ag bailiú ceol agus amhráin as Ciarraí, Árainn agus Conamara. Rinne Felicitas agus Anelika cur síos ar an turas.

Éanna Ó Croinín, ó Choiste Éigse Dharach Uí Chatháin.

Beidh Éigse Dharach Uí Chatháin ar siúl i Rath Cairn an deireadh seachtaine seo agus go leor imeachtaí ar siúl acu le linn an deireadh seachtaine.

Ardtráthnóna: Déardaoin 03 Deireadh Fómhair 2019.

Éanna Ó Croinín - Éigse Dharach Uí Chatháin: Felicitas Payk agus Angelika Belz - cuairt ar Éirinn.

Dé Céadaoin 2 Deireadh Fómhair

MacDara Mac Donncha, Tráchtaire. agus Mír na Cartlainne.

Bhí MacDara ag cur síos ar a athair Johnny Joe Pheaitsín 'ac Dhonncha. Bheadh sé 100 bliain inniu dá maireadh sé. Mír na Cartlainne - Agallamh a rinne Máirtín le Johnny ar an 02 Deireadh Fómhair 1996.

Seosaimhín Ní Chonghaile, as Ros Muc ó dhúchas ach tá ina cónaí i gContae an Chláir anois.

Bhí Seosaimhín i mBaile an Bhriota dhá scór bliain ó shin nuair a bhí Pápa Eoin Pól 11 ag léamh Aifreann ansin. Bhí sé de phribhléid ag Seosaimhín gur í a léigh an léacht Gaeilge ag an Aifreann sin agus rinne sí cur síos ar an ócáid do Mháirtín.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 02 Deireadh Fómhair 2019.

Seosaimhín Ní Chonghaile - cuairt an Phápa Eoin Pól 11: MacDara Mac Donncha - athair Johnny Joe Pheaitsín, nach maireann: Mír na Cartlainne.

Dé Máirt 1 Deireadh Fómhair

Pádraic S. Ó Murchú, ó Turas Siar.

Inniu an chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair an lá a bhfuaraíonn an chloch ghlas an t-uisce ar bhfarraige agus ar an talamh dar le traidisiún cheantar na Coille Móire. Bíonn an fíoruisce níos fuaire ó lá inniu go dtí lá Buí Bealtaine ar feadh seacht mí.

Bríd Ní Mhaoilchiaráin, amhránaí sean-nóis.

Bhí ag labhairt faoi gur cothrom an lae inniu a rugadh an t-amhránaí cáiliúil Seosamh Ó hÉanaigh agus go bhfuil a theastas breithe ag a Aintín Máire.

Felicitas Payk.

Tá Felicitas ar cuairt in Éirinn faoi láthair agus tá sí istigh in Árainn faoi láthair le Treasa Ní Mhiolláin agus í ag foghlaim cúpla amhrán uaidh Threasa.

Ardtráthnóna: Dé Máirt 01 Deireadh Fómhair 2019.

Felicitas Payk - Foglaim Gaeilge agus Amhráin: Bríd Ní Mhaoilchiaráin - Seosamh Ó hÉanaigh: Pádraic S. Ó Murchú - cúrsaí aimsire.

Dé Luain 30 Meán Fómhair

Seán Ó hÉanaigh, láithreoir Sruth na Maoile agus Eagarthóir Stiúrtha Clár.

Bhí Seán ag labhairt ar an gclár Sruth na Maoile atá fiche cúig bliain ar an aer. Beidh ócáid ceiliúradh ar siúl oíche Dé Sathairn in Ionad 'Glór' in Inis, i gCo. an Chláir ag ocht a chlog áit a mbeidh amhránaithe agus ceoltóirí.

John Beag Ó Flatharta, cumadóir agus amhránaí.

Bhí John Beag istigh ag casadh an t-amhrán nua a chum sé 'An Baile sin Againne'. Chum John an tamhrán de bharr chomh buailte is atá baile Leitirmealláin agus Conamara thrí chéile.

Ardtráthnóna: Dé Luain 30 Meán Fómhair 2019.

John Beag Ó Flatharta - Ag casadh amhrán nua a chum sé 'An Baile sin Againne': Seán Ó hÉanaigh - Sruth na Maoile ag ceiliúradh fiche cúig bliain ar an aer.

Dé Céadaoin 25 Meán Fómhair

Mír na Cartlainne.

Johnnie Bailey, nach maireann - Rinne cur síos ar an mbád iascaigh An Naomh Cailín agus ar an mbád seoil An Capall.

Seán Ó Coisdealbha agus Seán Ó Neachtain ó Aisteoirí an Spidéil.

Ag cur síos ar an dráma atá siad a chuir ar stáitse 'Bócanna Khilburn', bhí an dráma déanta cheana acu ach an uair seo tá siad le dhul ar thuras go Boston leis an dráma seo atá bunaithe ar imirce. Sé Micheál Ó Conghaile a chur an leagan Gaeilge ar an dráma.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 25 Meán Fómhair 2019.

Seán Ó Coisdealbha agus Seán Ó Neachtain - Dráma 'Bócanna Khilburn': Mír na Cartlainne - Johnnie Bailey nach maireann.

Dé Máirt 24 Meán Fómhair

Gearóidín Ní Loideáin, Léachtóir in Acadamh na hOllscoile ar an gCeathrú agus scoláirí.

Tá tríocha scoláire ag caitheamh téarma san Acadamh chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Labhair Máirtín le Gearóidín chomh maith le roinnt do scoláirí, Jessica Ní Bhriain, Micheál Ó hIarnáin, Ella Archiebold agus Conor as Uíbh Fhaillí.

Ardtráthnóna: Dé Máirt 24 Meán Fómhair 2019.

Tomhais: Gearóidín Ní Loideáin agus scoláirí Acadamh na hOllscoile ar an gCeathrú Rua - Gaeilge.

Dé Luain 23 Meán Fómhair

Johnny Shéamuis Ó Conghaile.

Bhí Johnny ag labhairt ar an gcruinniú atá Coiste Bhóithre Chonamara ag eagrú Tigh Pheacock oíche Déardaoin le haird a tharraingt ar droch staid na mbóithre agus na Droichid siar go dtí na hoileáin ó Dhroichead an Daingin siar.

How to Get this Podcast

  1. Download and Install Podcast Software

    You will have to download and install software to be able to subscribe to podcasts, and download the latest shows. There are a number of freely downloadable programmes that allow you to access podcasts. Some of the most popular applications are iTunes, Juice and Doppler, for a list of more options go to www.podcastingnews.com. RTÉ is not resposible for the content of external websites or applications.

  2. Subscribe to this Podcast

    Copy the URL from below or from the address bar of this page and then insert it into your podcast software, look for an ADD or SUBSCRIBE option and follow the instructions. URL: Your software will automatically inform you of any new editions to the podcast without the need to subscribe again. If you have iTunes installed you can use this One Click Subscription.

  3. Listen to your podcast

    The podcast will be downloaded in mp3 format or mp4 if it's video, once the download is fully complete you can simply listen to or watch the programme on your computer, or transfer the file to a portable device (mp3 player, iPod etc) and listen to it at your convenience.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

at@rte.ie

+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís