An Saol ó Dheas Dé Luain 30 Meitheamh 2014
Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.
The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.
Micheál Ó Muircheartaigh - Cluichí caide agus iomána an deireadh seachtaine: Pacáiste ón Spud Off Mór. Malachaí MacAmhlaoibh: Cúrsaí rothaíochta ar mhaithe le carthanacht Na Kerry Stars. Risteárd Ó Fuaráin: Campa samhraidh le hÓgras na Mumhan.
Súil siar ar chluichí caide agus iomána an deireadh seachtaine.
Craobh Chomórtas an Spud Off Mór i dTábhairne TP i mBaile na nGall tráthnóna inné. Cainteoirí - TP Ó Conchúir, Jim Bill Ó Cathalláin, Dáithí de Mordha, Pádraig Phurge Ó Murchú, Máire Ní Chinnéide, Dónal Ó Sé, Risteard Mac Eoin, Máire Ní Chinnéide agus Mary Catherine Uí Shíthigh, Aonghus Ó Murchú, Sinéad Ní Chíobháin, Caoimhe agus Fergal Mac Eoin.
Tá sé ar dhuine de cheathrar rothaithe ó Chorca Dhuibhne atá chun rothaíocht Mhór Chuaird Chiarraí a dhéanamh ar an Satharn seo chugainn, ar mhaithe le carthanacht na Kerry Stars. (Seanchán Mac Gearailt, Seán Ó Catháin agus Gráinne Ní laoithe á dhéanamh ar mhaithe leis an gcarthanacht chéanna.
Cuirfear tús leis an gcéad champa samhraidh le hÓgras na Mumhan an tseachtain seo chugainn sa Ghleann in Uíbh Ráthach. Tá sé cinn eagraithe acu sa chontae as seo go deireadh Lúnasa.
saolodheas@rte.ie
+353 66 915 5114
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Pádraig Ó Sé & meitheal Bhaile na nGall