An Saol ó Dheas Dé Máirt 3 Meitheamh 2014
Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.
The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.
Súil siar CLG. Bhí sé féin agus buíon iar-imreoirí Chiarraí i Nua Eabhrac le seachtain ag bailiú airgid don ionad barr feabhais atá le bheith ins na Coiríní.
Súil siar ar chluichí i gcraobh caide Chiarraí agus mar ar éirigh le foirne an Deiscirt i gComórtas Peile na Gaeltachta. Níor chuir Neidín aon fhoireann chun páirce i gcoinnibh an Daingin i gcraobh Chiarraí.
Bhí cruinnithe ag na ceardchumainn i monarcha Bausch & Lomh i bPort Láirge le polaiteoirí san oir-dheisceart inné.
Tá an t-eagrán deireanach den iris chlóite foilsithe agus is ar líne a bheidh sé as seo amach. Beidh Tionól na Mumhan ar bun i gCíll Airne an deireadh seachtaine seo chugainn.
Tá an t-ionad ag fógairt buaiteoirí ar chomórtas ealaíona na scol bunaithe ar shábháilteacht farraige seachtain is an lá amárach.
Tá tús curtha ag Coláistí Chorca Dhuibhne agus ag Coláiste na Mumhan, i mBéal Átha an Ghaorthaidh, le cúrsaí mhí an Mheithimh.
saolodheas@rte.ie
+353 66 915 5114
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Pádraig Ó Sé & meitheal Bhaile na nGall