An Saol ó Dheas Déardaoin 28 Samhain 2013
Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.
The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.
Ag labhairt faoi gur seoladh irisleabhar Chumann Staire agus Seandálaíochta Chiarraí le gairid.
Ag cur síos gur í An Rinn an logainm Gaeltachta is coitianta a luaitear san 1705 beatha atá ar ainm.ie, bunachar beatháisnéise ar a bhfuil cuntas saoil ann ar chuid de na daoine is aitheanta i saol na Gaeilge ó 1560 go dtí an lá atá inniu ann.
Ag labhairt faoi go bhfuil Scoil Náisiúnta Cheanntrá le seachtain mhór cheiliúrtha beartaithe an mhí seo .
Ag labhairt faoi go mbeidh teacht le chéile ag pobal pharóiste Mórdhach i Scoil Naomh Eirc, Baile an Mhórdhaigh anocht chun éachtaint d'fháil ar Bhailiúchán na Scol i SN Eirc & Scoil Bhreandáin an Chuasa.
Ag labhairt faoi go mbeidh ócáid i gCathair Saidhbhín oíche Dé Sathairn chun Sigerson Clifford a thabhairt chun cuimhne. Rugadh Clifford 100 bliain ó shoin i 1913.
Ag labhairt faoi go mbeidh a gcruinniú cinn bhliana Dé Sathairn acu agus beidh oíche chártaí ar an mBóthar Dé Domhnaigh.
saolodheas@rte.ie
+353 66 915 5114
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Pádraig Ó Sé & meitheal Bhaile na nGall