An Saol ó Dheas Dé hAoine 20 Meán Fómhair 2013
Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.
The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.
Breandán Ó Ruairc - nodanna ó Ráiseanna Liostuathail; leiftinint Jason Ó Briain - Cabhlach fágaint slán leis an LE Emer; Pádraig Ó Sé i measc na seanóirí ar an Muirígh; Máire de Búrca - Ciarraíoch i Muigheo; Rachel Holstead - Rothaíocht de Domhnaigh.
Féile an Fhómhair i Liostuathail, geallta agus nodanna ar na capaill.
An LE Emer le dí choimisiúnú inniu taréis breis is 35 bliain i mbun seirbhíse le cabhlach na h-Éireann. Is as Cladhnach ar an gCeathrú Rua do Jason.
Bhí cóisir inné in Ionad na Seanóirí ar an Muirígh in omós do Joan Uí Choileáin agus Eibhlín Uí Bhróithe agus iad éirithe as a gcuid oibre san ionad. Bhí Padraig ina measc agus cuileachtadh acu.
Ciarraíoch atá pósta i Muigheo agus iad ar fad ag tnúth le SAM a theacht go Muigheo Dé Domhnaigh.
Turas rothaíochta i gCorca Dhuibhne Dé Domhnaigh mar cheilliúradh ar an Lá idirnáisiúnta saor ó ghluaisteáin.
saolodheas@rte.ie
+353 66 915 5114
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Pádraig Ó Sé & meitheal Bhaile na nGall