An Saol Ó Dheas

An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

Podchraoltaí

Déardaoin 15 Deireadh Fómhair

Tadhg Ó Céilleachair.

Úinéir gharáiste Toyota Uí Chéilleachair i dTrá Lí. Cén tionchar a bheidh ar cháináisnéis na bliana seo chughainn ar chairteacha.

Micheál Ó Céadagáin.

Saol an Oileáin fé láthair, é amuigh ag iascach le dhá lá anuas. An gcuirfidh na srianta nuatha seo isteach air.

Tadhg Ó Súilleabháin: Ball de Ghluaiseacht Idirnaisiúnta na gComhar Creidmheasa.

Inniu Lá Idirnáisiúnta na gComhar Creidmheasa.

Eoghan Corry: Iriseoir agus Saineolaí Taistil.

Tá sé curtha in iúil ag an gComhlacht Ryanair ar maidin, go bhfuilid leis na bun áiteanna atá acu in Aerfoirt Chorcaí agus na Sionainne a iamh don ngeimhreadh.

Caitlín Uí Aodha: Stiúrthóir agus Leas Chathaoirleach ar Chumann Táirgeoirí Éisc an Oir-Dheiscirt.

Tá ordú a chruthódh limistéar nach mbeadh cead iascach ann fana chósta na hÉireann caite amach ag an Ard Chúirt, tar éis do bheirt iascairí cur ina choinne go láidir.

Dé Céadaoin 14 Deireadh Fómhair

Paddy Ó Mathúna

Thug Pádraig Ó Sé turas ar Phaddy age baile i mBaile na nGall. Thug Paddy deich mbliana mar bhainisteoir ar Chomharchumann Iascairí an Daingin Teo. Beidh Seana Fhoirgneamh Aonad Leac Oighreach an Daingin á leagadh an tseachtain seo.

Tomás Rua Ó Cadhla: Feidhmeannach le Gael Linn

Tá súil acu clár leathan imeachtaí do scoláirí ar gach leibhéal a chur ar fáil i mbliana

Micheál Ó Céilleachair

Tá sé páirteach sa scéim atá ar bun ag Mhol Cruthaitheachta agus Nuálaíochta Chorca Dhuibhne, atá dírithe ar theicneolaíocht nua-aimseartha a dh’úsáid chun lorg carbóin na bhfeirmeacha a laghdú agus chun go mbeidís níos éifeachtaí ó thaobh airgid agus oibre de.

Dé Máirt 13 Deireadh Fómhair

Leanaí Chorca Dhuibhne

Leanaí Chorca Dhuibhne ag roinnt a dtuairimí mar gheall ar a bheith thar nais ar scoil i mbliana. Méidhbhín, Sonaí agus Dara Mac a tSítigh, Éimhín agus Seán Dalby, Ruairí Ó hUanacháin, Sibéal Ní Shéaghdha agus Aisling Ní Shúilleabháin

Johnny Mac Uidhir

Tá baile Chill Airne ar an dtriú baile is slachtmhaire in Eirinn fé lathair de réir torthaí suirbhé atá déanta ag an Taisce ar mhaithe le eagraíocht lucht gnó na hEireann i gcoinne bruscair.

Maurice Breathnach agus Mick Ó hUallacháin

Tá Tabhairne an Bhreathnaigh oscailte, agus na custaiméirí ag ól lasmuigh. Ní mar a chéile atá ag Mick agus Kiely’s Cross atá iata ó thosnaigh na srianta bainteach le Covid19 i mí Márta.

Dé Luain 12 Deireadh Fómhair

Tomás Ó Loingsigh.

Éan atá neamh ghnáthach don dtír seo, ar a dtugtar an Red-eyed-Vireo, tugtha faoi ndeara i gCurra Ghráigh i bparóiste Múrach Dé Sathairn.

Muireann Nic Amhlaoibh agus Ceaití Ní Bheildiúin.

Sparántacht ó Ealaíon na Gaeltachta bronnta orthu. Tá sé sa cheann ag Muireann ceol a chur le filíocht an Oileáin, agus súil ag Ceaití a cuid dánta a chur ós comhair an phobail i slí nua.

An Feisire Eorpach Seán Ó Ceallaigh.

Feachtas ar bun aige le blianta chun deireadh a chur leis na cloig a bheith ag dul siar.

Micheál Ó Cinnéide.

Cáináisnéis na bliana seo chughainn, cad a bheidh chughainn?

Dé hAoine 9 Deireadh Fómhair

Irial Ó Ceallaigh

Ag treorú iománaíocht agus camógaíocht fé aois i gClg Oirthear Bhéal Feiriste. Cumann atá ar an bhfód ó Bhealtaine na bliana seo. Traenáil fós ar bun, chomh maith le ranganna Gaelainne do thuismitheoirí fé stiúir Linda Ervine, Uachtarán an Chumainn.

Seanachán Ó hUidhir: Stiúrthóir Cumarsáide ag Líonra Fhorbairt Áitiúil na hÉireann.

Tá naoi gcinn is daichead do Chomhlachtaí Forbartha Áitiúla sa Líonra seo, agus dhá mhíle duine fostaithe acu, maraon le hocht mhíle duine ar Scéimeanna Tús agus Scéimeanna Sóisialta Tuaithe.

Conall Ó Móráin

Borradh ar ghnó Ghrúpa Chiarraí i dtionscal an bhídh le cúpla mí anuas agus daoine ag ithe níos mó age baile de dheasca covid 19

Gobnait Ní Chrualaoi: PF Co-Action Iarthar Chorcaí

Conas atá siad ag dul i ngleic leis na srianta atá curtha i bhfeidhm de dheasca Covid 19

Déardaoin 8 Deireadh Fómhair

Diarmuid Ó Drisceoil

Ana cháil agus ana mheas ar an ndealbh don tAthair Maitiú i measc mhuintir Chorcaí, ‘an statue’ a thugann said air eatarthu fhéinigh. Cén deilbh eile atá le feiscint timpeall na Cathrach?

Aoife Ní Mhuirí

Tá dul chun cinn iontach á dhéanamh ag a comhlucht Salaso san Eoraip, agus i Meiriceá le Northwell Health. A cuimhní ar 20 bliain is an lá inniu bheith mar fisio ar an dtaobhlíne i gcoinne a contae féin. Ciarraí v An Ghaillimh

Méabh Ní Bheaglaoich, Ciara Ní É

Beirt a thug tréimhsí áirithe ag staonadh ón bhfeoil Ceol: Owen Spafford agus Méabh Ní Bheaglaoich ‘An Turas Abhaile’

Dé Céadaoin 7 Deireadh Fómhair

Neil Ó Luasa

Úinéir Óstán Ghúgán Barra. A bhfuil sa phlean téarnaimh turasóireachta a foilsíodh inné. Cad a chiallaíonn leibhéal 3 dó féin?

Toirdealbhach Ó Lionaird

Príomhoide Choláiste Ghobnatan i mBaile Mhic Íre. Forbairt mhór ar na bioráin don gColáiste chun freastal ar an mborradh a bheidh ar líon na scoláirí.

Jamie Ó Flannúra

Cúl tugtha ar feadh seal aige fear an Daingin leis an mbunmhúinteoireacht agus tús á chur aige le post nua ag obair mar oifigeach oideachais le Camara Education Ireland ar an gclár Techspace.

Seán Ó Lionaird

Saineolaí talamhaíochta. Íomhá glas na hÉireann i mbaol de bharr cleachtais feirmeoireachta. Foilseofar an bille um ghnímh aeráide inniu.

Dr. Aoife Granville

Bainisteoir Ionad Cultúrtha an Dochtúra Uí Loingsigh i mBaile Mhuirne. An t-ionad iata arís. Cad fén nDreoilín? An mbeidh sé ar bun i mbliana?

Dé Máirt 6 Deireadh Fómhair

Tomás Ó Sé

Iarimreoir agus fear a bhíonn i mbun ainilíse ar chluichí CLG. A bhfuil i ndán do chluichí CLG i bhfianaise fógra CLG inné go bhfuil stop curtha acu le cluichí na gclub ar fuaid na tíre

Nóirín Ní Bhraoin

Múinteoir bunscoile agus síceolaí ó Oileán Ciarraí. Tá tionscadal Gaelgoer, aip chumarsáide sa Ghaolainn forbartha aici.

Nell Ní Chíobháin & Enya Nic an tSíthigh

Beirt atá aistrithe abhaile ó chathair Chorcaí le cúpla mí anuas. Grúpa snámha ‘Snámh for the Soul’ tosnaithe le déanaí sa dúthaigh acu.

Caitlín Breathnach

Beidh seisiún eolais ar líne ag Tascfhórsa Uibh Ráthaigh anocht.

Orlaith Ruiséal & Róisín Uí Shíthigh

Tá Róisín ceapaithe le déanaí mar chuairteoir baile leis an scéim Tús Maith. Is í Orlaith stiúrthóir na scéime. Aoife Ní Chonchúir: Bhain sí leas as an scéim seo agus cuairteoir baile ag gabháil chuichi agus í ag tógaint a leanaí le Gaolainn.

Dé Luain 5 Deireadh Fómhair

Macdara ac’ Dhonncha

Cásanna den víreas corónach luaite le CLG Dhún Garbhán.

Gearóid Ó hÉalaithe

Tá Cill na Martra i gcluiche ceannais idirmheánach an chontae i gCorcaigh tar éis a mbua ar Cheann Toirc i rith an deire seachtaine.

Cáit Uí Chonchúir

Príomhoide Ghaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí. Tá cliathán nua á chur leis an scoil na laethanta seo agus súil cúig sheomra ranga breise chomh maith le cheithre sheomra achmhainne bheith i bhfearas fé Shamhradh na bliana seo chughainn.

Aindrias Ó Muineacháin

Bhí seirbhísí Bhus Éireann i gceantar Mhúscraí agus Lár Chorcaí ag déanamh tinnis dó ach a dtarraing sé an cheist anuas sa Dáil le déanaí

Deirdre de Bhailís

Bainisteoir Mhol Teic an Daingin. Beidh cruinniú ar-líne istoíche amáireach ag féachaint ar shlite chun feabhas a chur ar shaol na muintire ar leithinis Chorca Dhuibhne.

Dé hAoine 2 Deireadh Fómhair

Máire Ní Cheádagáin; éanlaithe Chléire.

Tá leabhar ar éanlaithe Chléire le foilsiú roimh Nollaig i mbliana. Sé Steve Wing ó Réadlann Éanlaithe Chléire údar an leabhair.

Seán O Liatháin; cursaí adhmaid.

Tá easpa adhmaid sa tír seo fé láthair toisc moill bheith le h-eisiúint cheadúnaisí chun coillte a ghearradh.

Barra Ó Conchúir; Uachtarán IT Chorcaí.

Tá Barra Ó Conchúir a dul ar a phinsean aige deireadh na bliana seo. Tá trí bliana caite aige ina Uachtarán ar IT Chorcaí. Bhí sé ag obair i CIT ó 2006 agus thug sé 25 bliain roimhe sin in Ollscoil Chorcaí.

Cúrsaí bídh.

Bheadh Féile Bídh an Daingin ar bun an deireadh seachtaine seo le ceart. Muireann Nic Ghiolla Ruaidh, Séamus Mac Gearailt,Rachel Ní Fhearaíosa,Peadar Mac an Bháird.

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 02 Deireadh Fómhair 2020.

Cúrsaí bídh;Muireann Nic Ghiolla Ruaidh, Séamus Mac Gearailt,Rachel Ní Fhearaíosa,Peadar Mac an Bháird. Barra Ó Conchúir;Uachtarán IT Chorcaí.Seán Ó Liatháin;cursaí adhmaid. Máire Ní Chéadagáin; éanlaithe Chléire.

Déardaoin 1 Deireadh Fómhair

Maidhc Bruic; trácht ar a bhaile dúchais,Baile Ghainín.

Cailleadh Maidhc Bruic,ó Bhaile Ghainín le déanaí. Bhí a shaol ar fad caite ar an mbaile aige. Bhí aithne aige ar na h-aon pholl in abhainn na Feothanaí.Cad na thaobh ná beadh mar go rabhadar go léir cuardaithe aige!

Eoghan Corry; Aerfort Chiarraí.

Tá titim tubáisteach tagtha ar líon na bpaisinéirí atá taisteal trí aerfoirt réigiúnacha na tíre seo. Tá tábhacht ar leith a baint le h-aerfort Chiarraí do phobal an iardheiscirt, ach cad tá ndán do?

Máiréad Uí Lionáird;Trácht ar Jamie Ó Muineacháin.

Cailleadh Jamie Ó Muineacháin leathchéad bliain is lá inniu. Bhí sé i gceann a tslua i gCogadh na Saoirse i Múscraí,agus chaith sé dhá bhliain is daichead ar Chomhairle Chontae Chorcaí ina dhiaidh san. Ceannródaí ab ea é a deir Máiréad Uí Lionáird.

Ciarán Walsh;an víoras crónach agus muintir Chiarraí.

Déanann an t-antraipeólaí,Ciarán Walsh amach go bhféadfafdh baint ag an mbraon fola atá sna Ciarraígh leis an laghad cásanna don víoras chrónaigh atá inár measc. Tá súil againn go léir go bhfuil an ceart aige!

An Saol ó Dheas: an chéad lá do Dheireadh Fómhair 2020.

Ciarán Walsh;an víoras crónach agus muintir Chiarraí. Máiréad Uí Lionáird;Trácht ar Jamie Ó Muineacháin. Eoghan Corry; Aerfort Chiarraí. Maidhc Bruic; trácht ar a bhaile dúchais,Baile Ghainín.

Dé Céadaoin 30 Meán Fómhair

Áine Uí Fhoghlú; Féile Ealaíne na nDeise.

Beidh an file Áine Uí Fhoghlú páirteach i bhFéile Ealaíne na nDéise an tseachtain seo chughainn. Beidh sí ar fáil chun dánta a aithris ar an dteileafón do dhaoine ar fuaid na tíre. Má tá spéis agat ann glaoigh ar 051-842664, nó ríomhphost dtí what@hse.ie

Ruairí Ó Donnabháin;Togra ealaíne cónaitheach Chléire.

Tá Ruairí Ó Donnabháin chun an Geimhreadh chaitheamh istigh i gCléire i mbliana. Tá sé teacht is ag imeacht ón oileán le cúpla bliain anuas agus togra ealaíne cónaitheach bunaithe ansan aige.

Séamus Ó Luing;Tuarascáil Grant Thornton.

Deir Tuarascáil Grant Thornton go ndúnfar oifigí poist fén dtuath agus ins na cathracha muna dtagann an Rialtas i gcabhair orthu.

Tionscail na turasóireachta agus an baol do Chorcaigh?

Micheál Ó Críodáin,Brian Budhlaeir,Johnny Mac Uidhir; Turasóireacht. Cad a thitfidh amach do thionscail na turasóireachta i gCorcaigh má mhéadaíonn ar an víoras corónach ann?

An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 30 Meán Fhómhair 2020.

Micheál Ó Críodáin,Brian Budhlaeir,Johnny Mac Uidhir; Turasóireacht. Séamus Ó Luing;Tuarascáil Grant Thornton.Ruairí Ó Donnabháin;Togra ealaíne cónaitheach Chléire. Áine Uí Fhoghlú;Féile Ealaíne na nDéise.

How to Get this Podcast

  1. Download and Install Podcast Software

    You will have to download and install software to be able to subscribe to podcasts, and download the latest shows. There are a number of freely downloadable programmes that allow you to access podcasts. Some of the most popular applications are iTunes, Juice and Doppler, for a list of more options go to www.podcastingnews.com. RTÉ is not resposible for the content of external websites or applications.

  2. Subscribe to this Podcast

    Copy the URL from below or from the address bar of this page and then insert it into your podcast software, look for an ADD or SUBSCRIBE option and follow the instructions. URL: Your software will automatically inform you of any new editions to the podcast without the need to subscribe again. If you have iTunes installed you can use this One Click Subscription.

  3. Listen to your podcast

    The podcast will be downloaded in mp3 format or mp4 if it's video, once the download is fully complete you can simply listen to or watch the programme on your computer, or transfer the file to a portable device (mp3 player, iPod etc) and listen to it at your convenience.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

saolodheas@rte.ie

+353 66 915 5114

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir: / Presenter: Pádraig Ó Sé
Léiritheoirí / Producers: Edel Ní Loibhéad

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís