Adhmhaidin Dé hAoine 5 Márta 2021
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Tá Parlimint na hEorpa ag cur cinneadh a bhí le déanamh acu ar an 24 lá den mhí seo, sé sin a mbeannacht a thabhairt don chomhaontú saorthrádála idir an Bhreatain agus an t-Aontas Eorpach, ar athló de bharr an méid a d'fhóair Rialtas na Breataine faoi phrotocol Thuaiscert Éireann arú inné
Léiríodh fearg agus díomá nár cheadaigh an Rialtas airgead le athnuachan a dhéanamh ar fhuinneoga agus doirse i dtithe atá faoi chúram Chomhairle Contae Dhún na nGall, ag cruinniú na seachtaine seo de Choiste Polasaí Corparáideach agus Tithíochta na Comhairle. i
Roinnt scoileanna ag reáchtáil na bréag scrúdaithe don Ardteistiméireacht beag beann ar chomhairle an Aire Oideachais agus na saineolaithe sláinte.
Tá Aontas na Macléinn in Éirinn ag cur chomhairle ar mhicléinn ollscoile, cloí le srianta Covid19, leis an gceann is fearr a fháil ar an ngéarchéim, ach tá go leor le réiteach chomh fada agus a bhaineann le socraithe lóistín do mhicléinn.
Tá aitheantas oifigiúil faighte le gairid an Eagraíocht Acmhainní Muirí Oileáin na hÉireann (IIMRO) mar Eagraíocht Táirgeora Eorpach. Sé Enda leas chathaoirleach na hEagraíochta.
Deir comharleoir ó Chill Airne go gcaithfear a bheith réidh don fhás ollmhór a thiocfaidh ar chursaí rothaíochta agus ar bhealaí rothaíochta
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha