Adhmhaidin Dé Céadaoin 3 Márta 2021
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Clár Iomlán.
Máire de Bhailís.
Micheál Ó Tuathail.
Áine Uí Laoithe.
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Paddy Ó Gríofa.
Cúrsaí Tithíochta le plé sa Dáil, óráid an Taoisigh ar Lá na Gaeilge.
Ghearr an Banc Ceannais €4.13 milliún fíneála ar an gcomhlacht Stoc-bhróicéireachta Davy & margadh déanta ag AIB le comhlacht Goodbody a cheannacht.
Rinne toscaireacht ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall cur i láthair ag cruinniú ar líne don Aire Ard Oideachais Simon Harris an tseachtain seo ar chlár oibre Bhreis Oideachais agus Oiliúint an Bhoird sa gcontae.
Tá an Chomhdháil Phobail ag eagrú léirsiú i gCorcaigh an Satharn seo - Rally for Truth, in aghaidh na dianghlasála agus pholasaithe an Rialtais i leith na géarchéime sláinte.
Tá sé socraithe ag Údarás na Gaeltachta seisiúin eolais ar fhorbairt na Turasóireachta Mara a eagrú as seo go dtí deire na míosa.
Seisiúin eolais ar thurasóireacht mara do lucht turasóireachta na Gaeltachta as seo go deireadh na míosa.
Don chéad bhliain le 37 bliain ní bheifear ag tabhairt cuairteoirí a thiocfaidh go baile an Daingin amach sa gcuan le radharc a fháil ar an deilf cáiliúil Fungie!
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha