Adhmhaidin Dé Máirt 2 Márta 2021
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Clár Iomlán.
Marion Ní Shuilleabháin.
Póilín Nic Géidigh.
Nuala Ní Chonghaile.
Áine Uí Laoithe.
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Paddy Ó Gríofa.
D'fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpach Ursula von der Leyen inné go bhféadfaí pas vacsaíne digiteach a chruthú do thaisteal ar fud na hEorpa agus go mbeadh an Coimisiún ag foilsiú moltaí an mhí seo.
D'fhógair Banc na hÉireann go bhfuil siad le craobhacha á gcuid a dhúnadh ar fud na tíre, beidh trí chraobh le dúnadh i nGaillimh ceann acu in Uachtar Ard.
Sheol an Tánaiste Leo Varadkar litir chuig a chomhleacaithe i bhFine Gael ag rá gur beag maolú a bheadh ar shrianta COVID 19 roimh Bhealtaine.
Buille mór é don réigiún an fógra ó Aer Lingus go leagfadh siad amach a gcuid oibrithe in Aerfort na Sionainne ar feadh 3 mhí.
Tá 6 ghalf chúrsa i gContae Chiarraí le tacaíocht airgid a fháil ó chiste fóirithinte Covid a 19 atá faoi scáth Sport Ireland, ciste de €2.8 milliún ar fad agus a roinnfear ar 145 cumann galf ar fud na tíre.
Deir Oifigeach Turasóireachta Ghaeltachta Dhún na nGall go bhfuil sé beartaithe feachtas margaíochta a reáchtáil i mbliana dírithe ar an gContae nuair a mhaolófar srianta Covid 19.
Corp mná a frítheadh i gCorcaigh nach bhfuil na Gardaí in ann a dhéanamh amach cérbh í fhéin.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha