Adhmhaidin Dé hAoine 26 Feabhra 2021
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Clár Iomlán.
Máire de Bhailís.
Sláine Ní Chathalláin.
Micheál Ó Tuathail.
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Paddy Ó Gríofa.
An reachtaíocht ar an gcoraintín éigeantach gaibhte thríd an Dáil agus cúrsai vacsaínithe san Aontas Eoraip.
Dúirt an Dochtúir Teaghlaigh Peter Sloane ar an gCeathrú Rua go bhfuil praiseach ceart déanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte den bhealach a bhfuil siad ag dáileadh na vacsaíne.
Coiste nua bunaithe ag Fianna Fáil do chúrsaí pleanála faoin tuath taobh istigh den pháirtí.
Caithfear na rialacha faoi chead pleanála ar an N56 a athrú dar le ball de Choiste Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Urlabhraí Chúram Sláinte Pobail an Oirdheiscirt: Tá an vacsaín in aghaidh COVID 19 á dháileadh orthu siúd atá os cionn 85 bliain d'aois ag an Dr. Tadhg de Barra in Ionad Leighis na Sráide Móire i nDún Garbhán inniu, an chéad uair don vacsaín a bheith ar fáil don Phobal sin sna hIardhéise.
Sa taighde is deireanaí atá foilsithe ag an bPríomhoifig Staidrimh faoin tionchar atá ag an aicíd ar shaol na ndaoine dúirt anuas le 60% den phobal go raibh a meabhairshláinte ag fulaingt go mór de bharr na paindéime.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha