Adhmhaidin Dé Máirt 26 Eanáir 2021
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Clár Iomlán.
Cáit de Bhailís
Máire Áine Ní Chuaig.
Jeaicí Mac Gearailt.
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Antoine Ó Conghaile.
Beidh cruinniú rialtais ann ar maidin le cinneadh críochnúil a dhéanamh faoin gcaoi a láimhseáilfear cúrsaí taistil isteach chun na tíre agus gluaiseacht thuaidh theas.
Tá Sinn Fein ag moladh gur chóir cinneadh a dhéanamh ar bhonn práinne faoi scrúdú na hardteistiméireachta i bhfianaise a bhfuil ráite ag an Taoiseach M Martin go bhfeadfadh sé nach mbeadh dlataí ag filleadh ar an scoil go dtí théis na Féile Pádraig.
Tá an saineolaí sláinte poiblí an Dr. Gabriel Scally, ag moladh gur cheart don bhFeidhmeannas ó thuaidh agus an Rialtas ó dheas suí síos le chéile le theacht ar réiteach faoi shrianta aontaithe le gur féidir dul i ngleic le scaipeadh an víreas Covid19.
Tá an scoil ar an bhfód ó mhí Lúnasa & an scoil ag clárú daltaí nua anois, don scoilbhliain seo chugainn. Ba scoil Bhéarla í go dtí sin, ach d'athraíodar go Gaelscoil agus scoileanna eile ag fiosrú leo faoin gcaoi le tabhairt faoin athrú.
Beidh cruinnithe ag Comhairleoirí Contae Dhún na nGall go luath le plé a dhéanamh ar chlár griottála na Comhairle, agus beidh tuilleadh plé ar an ábhar ag ceardlann speisialta ar an 16ú Feabhra.
Níl sé i gceist ag Comhairle Contae an Gaillimhe an teorainn luais atá ag scoil Náisiúnta Ros a Mhíl athrú.
Corraíl pholaitiúil san Rúis, de bharr seasamh cheannaire an fhreasúra Alexie Navalny a d'fhill ar an Rúis as an nGearmáin le gairid agus é tagtha chuige fhéin théis a bheith go dona tinn ag nimh a tugadh dó.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha