Adhmhaidin Dé Máirt 19 Eanáir 2021
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Marion Ní Shúilleabháin.
Póilín Nic Géadaigh.
Nuala Ní Chonghaile.
Áine Uí Laoithe.
Séamus Ó Scanláin.
Macdara Mac Donnacha.
Pléifear conradh do Dhochtúirí Teaghlaigh agus do Phoitigéirí le vaicsín don Covid-19 a dháileadh ar an bpobal, ag cruinniú an rialtais inniu. Iarrachtaí ag leanacht ar aghaidh na scoileanna speisialta a oscailt.
Deir sé go bhfuil seans go mbeidh gnónna turasóireachta sa Chondae nach bhfosclóidh arís mar gheall ar thionchar Covid 19, ach ar an taobh eile den scéal, dúirt se go bhfuil fiosruithe dá bhfáil ag an Bhord Fiontair faoi phleananna atá ag daoine Gnónna úra a bhunadh, rud atá dearfach.
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie Mc Conalogue, go dtabharfar cead do bháid iascaigh idirnáisiúnta a gcuid éisc a thabhairt i dtír, i gcúig chalafort eile sa tír seo ón gcéad lá de mhí Feabhra.
Tá Gardaí théis cnámharlach beagnach iomlán a aimsiú in Oirthear Chontae Chorcaigh. Tá deireadh curtha leis an gcuardach ar an láthair ag na Gardaí anois agus iad ag fanacht ar thorthaí óna tástálacha DNA atá dá ndéanamh ar na cnámha.
Tá imní léirithe ag an gcomhairleoir Cathrach John Connolly faoi chead a thabhairt do dhaoine obair ón mbaile.
Chaith feisirí Westminster vóta aréir faoin tacaíocht de scór punt breise a íoctar le daoine atá ag fáil íocaíocht leasaigh shóisialta, ar a dtugtar creidmheas uilíoch, a a choinneáil íoctha, ar feadh bliain eile théis an 31ú lá de Mhárta.
Ba cheart do Uisce Éireann, an Roinn Sláinte agus Udaraisí Aitiúla a bheith níos oscailte leis an bpobal maidir leis an Víreas Corónach a bheith in ann maireachtáil in Ionaid mhóra Searachais agus má tá, a insint an bhfuil baol sláinte pobail ag baint leis na hIonaid seo.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha