Adhmhaidin Dé hAoine 27 Samhain 2020
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Clár Iomlán.
Cáit de Bhailís
Cruinniú Rialtais inniu le cinneadh críochnúil a dhéanamh faoin leagan amach a bheidh ar an tréimhse maolú srianta ó Léibheal a 5 do shéasúr na Nollag. Tháinig an t-Aire Dlí Helen McEntee os comhair na Dála Dáil inné faoi cheapúchán an Bhreithimh Séamus Woulfe ar an gCúirt Uachtarach.
Beidh ionad tástála Covid-19 do phaisinéirí agus don phobal ar fáil ag Aerfort Dhún na nGall ón Luan an 7ú lá de mhí na Nollag.
Cur síos ó leas-eagarthóir The Kerryman faoin scéal a bhaineann leis an gceadúnas a bhí ag an gcomhlacht Bolden Nursing LTD a bhí ag rith Tig Altrannais Príobháideach Oaklands i gCiarraí Thuaidh agus a cuireadh ar neamhnaí an tseachtain seo caite.
An bhfuil sí sásta leis an míniú a thug an t-Aire Dlí agus Cirt sa Dáil inné faoi cheapúchán an Bhreithimh Séamus Woulfe ar an gCúirt Uachtarach.
Tá cruinniú le Airí Mara dá ghairim inniu ag Michel Barnier, príomh eadránaí an AE ar an mBreatimeacht le plé a dhéanamh ar a gcruth a d'fhéádfadh a bheith ar chúrsaí iascaireachta ar an gcéad lá de Eanáir seo chugainn, ach a mbeidh an Bhreatain imithe an an Aontas Eorpach
Tá impí déanta ag Coiste tacaíochta Chalafort Ros a' Mhíl, ar Údarás na Gaeltachta acmhainní agus maoiniú a chur ar fáil le chinntiú go mbeadh an calafort lárnach ó thaobh na bpleananna náisiúnta fuinnimh in athnuaite.
Tá brú á chur ar dhaltaí na hArdteistiméireachta i mbliana mar gheall ar scrúduithe leanúnacha atá dá gcur orthu sna scoileanna, ar fhaitíos go mbeadh siad le cur san áireamh do thoradh na hArdteistiméireachta a deir Aontas na Mac léinn dara leibhéal.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha