Adhmhaidin Déardaoin 26 Samhain 2020
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Clár Iomlán.
Marion Ní Shúilleabháin.
Nuala Ní Chonghaile.
Áine Uí Laoithe,
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Gearóidín Nic an Iomaire.
Déanfaidh an rialtas plé arís inniu ar mhaolú srianta ó Léibheal a 5,. Beidh an -Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee ag teacht os comhair na Dála le ceisteanna a fhreagairt faoi cheapúcháin an Bhreithimh Séamus Woulfe.
Tá suirbhé déanta ag an gcomhlacht FRS recruitment a léiríonn go bhfuil triúr as chuile dheichniúr atá thar lear ag pleanáil a theacht abhaile faoi Nollaig.
Bheadh an-imní air fhéin a deir ball d'fhóram sláinte an iarthair John Connolly nach bhfuil aon spás breise d'othair síciatracha a mbeadh leaba ag teastáil uathu san aonad ina bhfuil leath chead leaba atá ag an ospidéal i nGaillimh.
Níl aon rogha ag daoine atá ar liosta feithimh tithíochta Chomhairle Contae Chiarraí i gCorca Dhuibhne, ach fanacht nó go bhfaighidh duine a bhaineann leo bás, ionas go mbeadh tig cónaithe dá gcuid féin acu, a deir an Comhairleoir Breandán Mac Gearailt ón nDaingean, agus is rud gránna é sin.
Téastaíonn polasaí pleanála Gaeltachta láithreach le go mbeidh pobail Ghaeltachta in ann cónaí ina gceantair fhéin. Tá CNAG ag cur tacaíocht ar fáil anois do dhaoine atá i bponc ag an gcóras atá ann.
Tá post mar Oifigeach Forbartha a thairiscint ag Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille le cuidiú leis an lár chomhairle plean oibre an choiste a chur i bhfeidhm. Teastóidh Gaeilge Líofa agus suim sa bhforbairt Pobail.
Tá an t-Aire Oideachais Norma Foley ag tabhairt an ghrúpa comhairleach ar na scrúdaithe stát le chéile aríst le socraithe a dhéanamh faoin gcaoi a reachtáilfear scrúdaithe na hArdteistinéireachta agus an Teastais Shóisirigh I 2021.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha