Adhmhaidin Dé Céadaoin 25 Samhain 2020
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Clár Iomlán.
Marion Ní Shúilleabháin.
Áine Uí Laoithe .
Nuala Ní Chonghaile .
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Antoine Ó Conghaile.
Cruiniú le bheith ag NPHET le plé a dhéanamh ar mhaolú srianta sula gcuirfear na moltaí sin os comhair an rialtais le cinneadh a dhéanamh. Conspóid an Bhreithimh Séamus Woulfe le plé sa Dáil inniu.
Tá an Feisire ag achainí go leagfaí amach rialacha simplí do faoi shocrú an Bhreatimeachta le nach mbeidh sé níos deacra ar lucht gnó.
Faigheann na hiascairí a bhaineann úsáid ag Port An Chaisleáin Nua in Inis Eoghain 50% dá gcuid eisc ó Uiscí na Breataine. Deir Cumann Iascairí an Fheabhail go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh margadh a bheas inghlactha déanta, nuair a fhágfas an Bhreatain Aontas na hEorpa.
Os cionn 300 post nua le cruthú i lár tíre mar chuid den fhógra a rinne an Rialtas inné faoi na portaigh a bhí ag Bord na Móna a choiriú agus go dtosódh plandaí ag fás aríst ar an 80,000 acra a baineadh.
Tháinig sé chun solais ag cruinniú d'fhóram sláinte an iarthair inné go bhfuil cúig cinn déag do clamhsán faighte acu faoi dhochtúirí teaghlaigh i gcontae na Gaillimhe atá ag gearradh táille ar othair as fuil a thógáil cé go bhfuil carta leighis acu.
Tá faitíos ar thabhairneoirí áirithe i gCorca Dhuibhne, go dtiocfaidh na sluaite chun an dúthaigh faoi Nollaig agus gur isteach a thiocfaidh an víreas, go háit nách ann dó faoi láthair.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha