Adhmhaidin Dé Máirt 24 Samhain 2020
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Cruinniú ag ceannairí na bpáirtithe rialtais aréir, cruinniú Rialtais ar maidin agus NPHET le bheith ann ar an gCéadaoin faoi shrianat a mhaolú. Dúirt an Taoiseach Mícheál Martin go ndéafar fógra Déardaoin nó Dé hAoine.
Tá sé ráite ag lucht tábhairne i nDún na nGall gur cheart cead a thabhairt daofa foscailt ag tús na míosa seo chugainn, nó go mbeidh go leor Tithe Tábhairne i dtrioblóid. Tá teach táibhairne ag Patrickt Joseph i Mín Lárach.
Cumann Idirnáisiúnta Aerthaistil IATA ag iarraidh go mbeadh pas sláinte ag iompair ag paisinéirí a bheadh ag taisteal ar eitiltí le éascaíocht a dhéanamh agus teorainneacha a oscailt arís.
Tá Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar thóir léirithe spéise ó dhaoine a mbeadh suim acu a n-ainm a chur chun cinn le bheith ar Udarás na hollscoile, a mbíonn an focal deireadh acu ar chinnithe a bhíonn le déanamh faoin Ollscoil.
Ba cheart duine a fhostú láithreach leis na buntáistí a bhaineann le calafoirt Ros a Mhíl a fhorbairt mar áis do fhuinneamh in athnuaite.
An vaicsín nua atá forbartha ag Oxford & AstraZeneca agusa bhfuil éifeacht 70% aige. Freisin níl mórán gasúir bheaga ag fáil an vaicsín don fliú, agus caint anois é a thabhairt do dhéagóirí sula imeoidh sé ó mhaith i mí Eanáir.
Tá níos mó éilimh ná mar a bhí riamh ar tháirgí an Chomhluchta Criostal na Rinne i bPort Láirge agus orduithe á gcur chomh fada i gcéin leis an Astráil agus Ceanada acu.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha