Adhmhaidin Dé Luain 23 Samhain 2020
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Clár Iomlán.,
Cáit de Bhailís.
Póilín Nic Géidigh.
Máire Áine Ní Chuaig.
Jeaicí Mac Gearailt.
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Antoine Ó Conghaile.
Cur is cúiteamh faoi mhaolú srianta Leibhéal 5 agus líon na gcásanna de Covid 19 fós ard;; céard a tharlóidh?
Dúirt an t-innealtóir sinsearach Damien Mitchell, le linn díospóireachta fada ar na droichid i gceantar na nOileán ag cruinniú do Chomhairleoirí Bardasacha Chonamara gurb é an deacracht is mó a fheiceann sé fhéin leis na droichid ná an bac atá ag ceantar Caomhnaithe SAC le cur ar aon fhorbairt.
D'fhógair an comhlacht feamainne Arramara Teoranta i gCill Chiaráin anseo i gConamara go bhfuil sé i gceist acu infheistíocht mhór chaipitil a dhéanamh sa gcomhlacht sa mbliain nua leis an monarcha próiseála feamainne a uasghrádú.
Tá litir seolta ag cheithre pháirtí polaitíochta i dTuaisceart Éireann chuig Stáit Rúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis ag iarraidh ar Rialtas na Breataine fiosrúchán poiblí a chur ar bun faoi dhúnmharú an aturnae as Béal Feirste Pat Finucane.
Thosaigh an tSeirbhís bus áitiúil LocalLink i mbun seana-bhealaí Bus Éireann taobh thiar den Daingean ar maidin, agus is iad a bheidh ag rith an chóras iompair poiblí sa gceantar feasta.
Cuirfear tús leis an gcéad staid eile den phlean forbartha atá idir lámha don Earagail sa Márta.
Tá imní ar Aontas Cogaiseoirí na hÉireann go bhféadfadh sé go mbeadh géarchéim sláinte domhanda eile ann mura mbaintear an úsáid cheart as frithbheathaigh.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha