Adhmhaidin Dé hAoine 20 Samhain 2020
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Clár Iomlán.
Máire de Bhailís
Nuala Ní Chonghaile.
Áine Uí Laoithe.
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Antoine Ó Conghaile.
An tAire Dlí agus Cirt sásta ceisteanna a thógáil sa Dáil faoin bpróiseas ceapacháin an Iar Ard Aighne Séamus Woulfe chuig an gCúirt Uachtarach ach ní díospóireacht Dála a bheidh ann.
D'fhoilsigh an Tascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir a dtuarascáil níos túisce an tSeachtain seo - ceapadh an tascfhórsa le moltaí a dhéanamh faoin gcaoi a b'fhearr earnáil na n-ealaíon agus an chultúir a chur ar a cosa arís théis an méid dochair a rinne COVID-19 di.
Chuir Paul Curry, innealtóir sinsearach feidhmiúcháin le Comhairle Contae Chiarraí, an scéal is déanaí faoi chlár forbartha bóithre taobh amuigh agus taobh istigh do chontae Chiarraí faoi láthair, ós comhair cruinniú do bhaill cheantar Bárdasach Chorca Dhuibhne/Oileán Ciarraí.
An mhí seo caite sheol deichniúr Dochtúirí litir chuig an Taoiseach Micheál Martin agus chuig an Aire Sláinte Stephen Donnelly, ag iarraidh orthu athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh go práinneach ar NPHET.
Tá an ceadúnas Muir Shaothrú a bhí ag Comharchumann Sliogéisc Chonamara tógtha ar láimh ag Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo.
Céad bliain sa lá amárach an t-aonú lá fichead de Shamhain a tharla Domhnach na Fola, an lá ba fuiltí i gCogadh na Saoirse.
Dúirt Príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair go n-aontaíonn sé leis an moladh, méadair a chur sna seomraí ranga le caighdeán an aeir a thomhais ach go praiticiúil, dúirt sé go gcosnódh a leithéidí na milliúin Euro leis na córais a fheistiú i Scoltacha na tíre.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha