Adhmhaidin Déardaoin 19 Samhain 2020
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Clár Iomlán.
Máire de Bhailís.
Sláine Ní Chathalláin.
Póilín Nic Géidigh.
Micheál Ó Tuathail.
Gormfhlaith Ní Thuairisg,
Antoine Ó Conghaile.
Brú ag teacht ar an Rialtas srianta a mhaolú go mbeifear in ann réiteach don Nollaig.
Ba chóir do Bhord Fáilte agus Údarás na Gaeltachta suí síos le chéile agus bealach glas turasóireachta a thógáil idir Beal a' Daingin agus Tír an Fhia, a dúirt Seán Ó Loinsigh, ó Ghalf Chumann Chonamara.
Tá an Comhaontas ag brath go mór ar na meáin shóisialta le Corca Dhuibhne a chur chun cinn mar cheantar le saoire a chaitheamh ag baile ann agus nasc a choinneáil leo seo ar fud an Domhain gur ansa leo an áit.
Pléadh Ospidéal na Leanaí ós comhair an Chomhchoiste Oireachtais ar chúrsaí sláinte inné - an príomh chonraitheoir BAM ag iarraidh na céadta milliúin euro sa mbreis leis an Ospidéal a chríochnú, níl aon chinnteacht ann go mbeidh an t-ospidéal tógtha faoi 2023 agus níl fhios fós céard a chosnóidh sé.
Tá sé ina chogadh thall san Aetóip ó chuir rialtas na tíre i leith an TPLF, páirtí fuascailte mhuintir cheantar Tigray, go raibh toghchán mídhleathach acu agus gur ionsaigh siad bunáite airm le gunnaí a ghoid.
Tá sé leathchéad bliain ó bhásaigh an t-údar Máirtín Ó Cadhain, Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide agus tá Roinn na Gaeilge sa gColáiste ag eagrú comhdháil lae ar líne amárach lena shaol agus a shaothar a chomóradh is a cheiliúradh.
Tháinig an scéala gur roghnaigh Aer Lingus Emerald Airlines le seirbhísí réigiúnacha na haerlíne a sholáthar, go hiomlán aniar aduaidh orthu a deir Príomh Oifigeach Feidhmiúcháin Aerfort Dhún na nGall.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha