Adhmhaidin Dé Máirt 17 Samhain 2020
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
D'fhéadfaí cosc a chur ar thithe ósta deochannaí a dhíol le daoine le tabhairt leo, de bharr an méid a bhí le feiceáil ar na sráideanna i gcathracha ar fud na tíre ag an deireadh seachtaine. Cás an bhreithimh Séamus Woulfe le plé ar an Rialtas inniu freisin.
Tá vaicsín forbartha ag an gcomhlacht cógasaíochta Moderna i Mericeá a thugann 95% cosaint do dhuine in aghaidh an víris COVID-19
Léiríonn scrúdú iarbháis a déanadh ar eala a fritheadh i gCondae Dhoire go raibh fliú na n-éan air..
Tá roinnt mhaith tograí iompar á bpleanáil sa Straitéis Iompair ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ina measc dhá dhroichead do Choisithe agus rothair a bheas le tógáil ar chaon taobh do dhroichead na mbrádáin sa gCathair. Ní mó ná sásta a bhí an Comhairleoir Keane.
Tá an earnáil éitleoireachta i gcruachás de bharr na géarchéime COVID19 muna dtugar cúnamh ag leibhéal an Rialtais agus na hEorpa a deir an comhairleoir eitleoireachta.
Ag cruinniú de Chomhairle Chondae Chiarraí, rinne Príomh Oifigeach Feidhmiúcháin Aerfort Chiarraí John Mulhern cur I láthair ar an gcruth atá ar aerfort Chiarraí faoi láthair agus an tréimhse atá amach romhainn.
Dúirt sé bhfuil cothrom na féinne a thabhairt ag an rialtas don Eaglais Chaitliceach faoi shrianta Covid agus go bhfuil frith Chaitliceachas sa Rialtas
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha