Adhmhaidin Déardaoin 13 Lúnasa 2020
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Clár Iomlán.
Máire de Bhailís.
Áine Ní Bhreisleáin.
Nuala Ní Chonghaile.
Áine Uí Laoithe.
Bríd Ní Chualáin.
Casfaidh an Taoiseach Micheál Martin le Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson inniu agus Cumann na dTábhairneoirí ag éileamh pacáiste tacaíochta ón Rialtas.
An méid daoine atá ar na tránna méadaithe i nGaillimh agus i Maigh Eo agus an méid ionaid measúnaithe do Chovid 19 sa dá Chontae sin laghdaithe. An léas dóchais é seo nó cúis imní?
Tá fear gafa ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann mar chuide dhá gcuid fiosraithe faoi ghaireas a cuireadh faoi dhá charr le beirt a bhfuil baint acu leis an gCumann Lúthchleas Gael in Oirthear Bhéal Feirste.
Ceaptha ina Stiúrthóir Léinn ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in OÉ Gaillimh - cén fhís atá aige don Acadamh?
Osclófar Ionad Leighis nua i mbaile an Daingin an tseachtain seo chugainn.
Tá méadú mór ar líon na dturasóirí atá ag tabhairt cuairte ar bhaile Bhun Dobhráin agus na hóstáin agus tithe lóistín uilig lán.
An scéal is deireanaí faoin gcuardadh atá ar bun do bheirt bhan óga a chuaigh ar iarraidh ag Trá na bhForbacha tráthnóna aréir.
Tá Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ag tabhairt cuairte ar Thuaisceart Éireann inniu agus é i gceist aige plean do chomóradh 100 bliain bhunú Thuaisceart Éireann a leagan amach.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha