Adhmhaidin Dé Céadaoin 12 Lúnasa 2020
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Clár Iomlán.
Máire de Bhailís.
Áine Uí Laoithe.
Áine Ní Bhreisleáin.
Nuala Ní Chonghaile.
Bríd Ní Chualáin.
Tá sé dearbhaithe ag an Taoiseach, Micheál Martin go gcuirfear réimeas tastála breise i bhfeidhim sna monarchana feola agus sna hIonaid Soláthar Díreach.
Tá sé molta do phobal Acla gan an t-uisce a ól ná a úsáid le bia a réiteach de bharr go bhfuil Alúmanam san uisce.
Tá an taoille ag teacht aníos ar Bhóthar Chuan na Loinge agus baol ann don phobal a deir an Comhairleoir Condae sa gcás is go mbeadh ar othar charr, nó aon seirbhísí eigeandála eile a dhul an bóthar sin.
Tá Tuarascáil Faireacháin an Choimisinéara don bhliain 2019 foilsithe maidin inniu agus léirítear inti gur 35 Garda le Gaeilge atá lonnaithe i stáisiúin Ghaeltachta de réir chóras féin mheasúnaithe na heagraíochta.
A dhearcadh ar a bhfuil tárlaithe in Albain leis an gcóras marcála, ar díol imní é do dhaltaí ardteistiméireachta na bliana seo?
Tá an t-ardú mór atá tagtha ar chúrsaí tráchta ag cruthú fadhbanna go leor, go háirid ar Mhám Clasach idir Fionn Trá agus Dún Chaoin, agus i mBaile an Mhamhnaigh taobh thoir den Daingean.
Tá Comharchumann Oileán Árainn ag lorg iarratais ó Chomhairleoirí le plean bainistíochta agus margaíochta a chur chun tosaigh don Bealach Gorm atá beartaithe idir Ailt a' Chorráin agus Oileán Árainn.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha