Adhmhaidin

Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé hAoine 31 Iúil 2020

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

An Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta

Séamus Mac Donncha

Nuacht an Deiscirt

Daithí De Mórdha

Nuacht an Tuaiscirt

Damien Ó Dónaill

Nuacht an Iarthair

Máire-Bríd Ní Chualáin

Na Nuachtáin

Máirín Ní Ghadhra

An Comhfhreagraí Polaitíochta, John Downing

Cúrsaí polaitíochta an lae. Polaiteoirí tar éis vóta a chaitheamh le dhul ar shaoire an tsamhraidh láithreach. Míshuaimhneas sa gComhaontas Glas. Clampar faoi chearta cainte sa Dáil aréir.

An Tráchtaire, Póilín Ní Chiaráin

Pléifidh an Taoiseach Micheál Martin na srianta taistil difriúla atá sna 6 contae agus sna 26 contae ag cruinniú na seachtaine seo den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, i gCaisleán Bhleá Cliath ar maidin inniu. Tá Breatimeacht le plé chomh maith. Seo é an chéad chruinniú den Chomhairle le 3 bliana go leith.

Tom Ó Muirí

Tá cúrsaí thar a bheith doiléir go fóill faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an mBreatain imeacht as Aontas na hEorpa, a dúirt Tom Ó Muirí, ón ngrúpa Pobail ar an Teorainn i gcoinne an Bhreatimeachta.

An Tráchtaire Seán Ó Cadhain

Táthar tar éis an tréimhse ama a gcaithfidh daoine féin-aonarú de bharr Covid 19 a mhéadú ó 7 lá go dtí 10 lá, leis an mbaol go méadóidh líon na gcásanna ansin a sheachaint. Cosc ar dhaoine cuairt a thabhairt ar thithe a chéile in áiteacha i dTuaisceart na Breataine.

Máirín Uí Chéide

Cén chaoi a bhfuil cúrsaí i Meirceá i bhfianaise Covid 19 agus cén chaoi bhfuil an saol ag imircigh nach bhfuil na cáipéisí acu le bheith ag fanacht sa tír agus atá ina gcónaí ansin go mídhleathach.

Peadar Mac Fhlannchadha

Tá tuilleadh eolais iarrta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar Údarás na Gaeltachta faoin iarratas pleanála do thogra Pháirc na Mara i gCill Chiaráin.

Seán Pól Ó Conchúir

Bhí an bhliain seo le bheith ar an mbliain ba ghnóthaí ag Campas Ollscoile an Chroí Ró Naofa ó Chonnecticut Mheiriceá atá lonnaithe sa Díseart sa Daingean, ach mar gheall ar ghéarchéim Covid 19, b-éigean mic léinn a chur abhaile i mí an Mhárta, agus ní thiocfaidh an chéad dream eile scoláirí , do sheimeastar an Fhómhair ach an oiread.

Adhmhaidin

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

adhmhaidin@rte.ie

+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623 
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114 
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís