Adhmhaidin Dé Céadaoin 29 Iúil 2020
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Máire De Bhailís.
Damien Ó Dónaill.
Máire Áine Ní Chuaig.
Sláine Ní Chathalláin.
Tugadh reachtaíocht nua isteach aréir don scéim "PUP", an t-íocaíocht dífhostaíochta paindéime. Dhiúltaigh an Ceann Comhairle leasuithe a ghlacadh ar an mBille Coimirce Soisialaí / FLAC ag rá go bhfuil socrú na Roinne Coimirce Sóisialaí faoi íocaíocht Chovid 19 mídhleathach, agus an Rialtas le cur le líon na gcirigirí sa nGarda Síochána.
D'oscail an tAire Stáit Patrick O'Donovan F.G, a bhfuil cúram Oifig na nOibreacha Poiblí air, an t-árdán féachana atá ó dheas d'Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin inné.
Tá moill curtha ar obair a bhí le déanamh ar bhóithre i gContae Dhún na n Gall, mar gheall ar Covid 19 , agus ina measc sin tá bóithre an Ten T mar a thugtar orthu.
Cuireadh rún os comhair na Dála aréir ag moladh go laghdófaí líon na ndaltaí sna ranganna i scoileanna na tíre. Caithfear vóta ar an rún sin Déardaoin.
Tá sé ráite ag an Aire Ard-oideachais Simon Harris go bhféadfaí an buiséad airgid a laghdú ar choláistí tríú leibhéal nach mbíonn sásta déileáil leis na h-ionsaithe gnéis a dhéantar ar champus na gcoláistí.
Tá monarcha Borg Warner i dTrá Lí le dúnadh agus caillfear os cionn 200 post ansin.
An Ghearmáin ina sampla den bhealach ar féidir leis an víreas corónach neartú in athuair. Cuardach mór ar bun sa tír freisin féachaint le tuairisc a fháil ar Mhadelene McCann atá ar iarraidh ó 2007.
Tugadh le fios don Chomhairleoir Ó Cualáin nach bhfuil sé i gceist an t-ionad do dhaoine a bhfuil fadhbanna óil agus drugaí acu a oscailt in athuair i bPáirc Mheirlinne.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha