Adhmhaidin Déardaoin 2 Iúil 2020
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Clár Iomlán.
Máire de Bhailís.
Nuala Ní Chonghaile.
Ceapadh na hAirí Stáit nua sa gComhrialtas aréir.
Teachta Dála óna Déise agus an Comhaontas Glas faoin gcomhrialtas nua.
An bhfuil cuid den dochar a rinneadh leis na ceapacháin shinsearacha curtha ina cheart anois?
Taighde nua foilsithe inniu faoin nGaidhlig, an taighde sochtheangeolaíochta is cuimsí fós faoin teanga i measc na bpobal a labhrann í.
Tá Ionad Soláthar Díreach Skellig Star i gCathair Saidhbhín, fós ag tarraingt conspóide an tseachtain seo, mar, as seo amach, beidh ar aon duine a thugann cuairt ar iarrthóirí tearmainn an Skellig Star, grinnfhiosrúchán na nGardaí a bheith déanta acu.
Tá siad le cruinniú poiblí ar líne á reachtáil tráthnóna inniu do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus do dhaoine a bhíonn ag obair leis an óige le hiarracht miniú a fháil ar an údar atá leis go bhfuil i bhfad níos mó buachaillí ná cailíní atá sna déaga ag rothaíocht chun na scoile sa gcathair.
Beidh moill de choicís ar athoscailt Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn an Fómhar seo.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha