Adhmhaidin Dé hAoine 3 Aibreán 2020
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Clár Iomlán.
Máire de Bhailís.
Michelle Nic Grianna.
Nuala Ní Chonghaile.
Áine Uí Laoithe.
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
569 duine eile curtha den tsaol ag COVID19 agus imní faoi easpa pascáistí tástála. Súil acu 100,000 tástáil a bheith dá dhéanamh sa mBreatain faoi dheireadh an Aibreáin.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Grúpa Otharlainne Saolta Tony Canavan go bhfuil Otharlann Leitir Ceanainn chomh hullmhaithe agus is féidir le déiláil leis na cásanna den víreas coróineach faoi láthair, ach dúirt sé nach bhfuil cinnteacht ar bith faoi gcaoi a mbeidh cúrsaí faoi lár na míosa seo.
D'fhéadfadh duine as chuile cheathrar a bheith dífhostaithe de bharr géarchéim COVID19. Taoiseach le cinneadh a dhéanamh faoi shíneadh a chur leis an dianghlasáíl roimh dheireadh na seachtaine seo chugainn. Scrúdaithe stát le leanacht ar aghaidh a dúradh ag preasócáid an Rialtais aréir.
Tá Nuala ag cur fúthi i Shanghai an Síne, agus cur síos aici ar an gcaoi a bhfuil an saol athraithe anois agus cúrsaí feabhsaithe ansin ó thaobh an COVID19.
Dochtúr teaghlaigh i nGaillimh, faoi bhrú ag an ualach glaochanna ó dhaoine a bhfuil imní orthu faoi COVID19.
Tá scéim deontais tacaíochta.2e Bí réidh a bhaineas le maoiniú agus comhairle dho, á sholathár anois ag Údarás na Gaeltachta, do chomhluchtaí a bhfuil deacarachtaí tradála acu de bharr géar chéim an víris COVID19.
Tá córas seachadadh bia a thosnú an tseachtain seo chugainn le gur féidir le teaghlaigh a bheadh gann de bharr an COVID19 fáil a bheith acu ar bhia a bheadh a gcuid gasúir a fháil sna scoil, sular dúnadh na scoileanna.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha