Adhmhaidin

Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Luain 23 Márta 2020

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Adhmhaidin.

Clár Iomlán.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Seamus Mac Donnchadha.

Nuacht An Iarthair.

Mícheál Ó Tuathail.

Nuacht An Deiscirt.

Sláine Ní Chathalláin.

Nuacht An Tuaiscirt.

Máiréad Uí Annluain.

Príomhscéalta na Nuachtán.

Gormfhlaith Ní Thuairisg.

Dr. Lorcán Ó Maoileannaigh, dochtúir teaghlaigh nuacháilithe.

Tá Lorcán cáilithe níos túisce ná mar a cheap sé mar dhochtiúr, de bharr an éileamh a bheidh ar dhochtúirí sna seachtainí agus na míoanna amach romhainn, le freastal ar dhaoine atá buaillte ag an víreas corónach.

Jason Ó Briain, Oifigeach Cabhlaigh, LE Samuel Beckett.

Longa Chabhlach na hÉireann len' úsáid mar ionaid thástála. Thosaigh an LE Samuel Beckett inné.

Manus Breathnach, Garda nuacháilithe.

Garda nua cheapaithe, a thosaigh a chuid oiliúna i mí na Samhna seo caite ach atá anois le dul i mbun dualgas de bharr géarchéim an COVID19.

Oisín Montanari, Firenze, Am Iodáil.

Achainní éigeandála déanta ag an Iodáil le go cguirfí 300 dochtúir breise ar fáil sna ceantair is measa atá buaillte ag an Víreas COVID19.

Pádraig Mac an Iomaire, Adhlacóir.

Treoirlinte atá ann anois do adhlacóirí i bhfianaise ghéarchéim an víris COVID19, ach an bhfuil an pobal ag comhoibriú leo?

Páidí Ó Sé, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.

Tá baol ann nach dtiocfaidh na céadta ábhar oidí go Corca Dhuibhne an mhí seo chugainn agus i mí Bealtaine ag foghlaim na Gaeilge, de bharr an víris chorónach.

Liam Ward, Stiúrthóir Seirbhísí Pleanála & Forbairt Pobail, Comhairle Condae Dhún na nGall.

Tá ag éirí go maith leis na clinicí pleanála a chuireann Comhairle Contae Dhún na nGall ar fáil don phobal le heolas, treoir agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil sé ar intinn acu iarratas pleanála a dhéanamh cuig an Chomhairle, a deir sé.

Adhmhaidin

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

adhmhaidin@rte.ie

+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623 
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114 
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís