Adhmhaidin Dé Máirt 18 Feabhra 2020
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Máire de Bhailís.
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.
Nuala Ní Chonghaile.
Áine Uí Laoithe.
Séamus Ó Scanláin.
Antaine Ó Conghaile.
Leanfar leis na h-iarrachtaí inniu ag féachaint le Rialtas nua a bhunú. Beidh cruinnithe ag Sinn Féin leis na neamhspleáigh agus beidh an Comhaontas Glas i mbun cainteanna freisin faoi bhunú Rialtais.
Cuirfear tús leis an éisteacht faoi chuarbhóthar na Gaillimhe inniu agus leanfaidh an t-éisteacht ar aghaidh go dtí mí Aibreán. Dúirt an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh go bhfuil botún mór déanta ag an gComhairle Cathrach i dtaobh an bhealaigh atá roghnaithe acu do chuarbhóthar na Gaillimhe.
Rinne príomh-eadrascánaí breatimeachta na Breataine David Frost cur síos aréir ar an gcineál margadh trádála atá uathu leis an Eoraip in óráid a thug sé aréir. Comhairleoir an Phríomh Aire Boris Johnson Andrew Sabiski tar éis éirí as.
Dhearbhaigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha, go bhfuil roinnt Éireannach i gcoirantín ar an mbád mór paisinéirí, an Diamond Princess amach ón tSeapáin, áit a bhfuil an víreas corónach tolgtha ag os cionn 450 duine anois.
Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhair le hÚdarás na Gaeltachta 4 Chomhartha mór "Fáilte go dtí an Ghaeltacht" a chur in airde i cheithre áit sa gContae.
Cuireadh in iúil ag cruinniú do Chomhairle Contae Chiarraí inné go bhfuil beagán le cois 800 bóthar nach bóithre poiblí iad le deasú i gcontae Chiararí faoi scéim fheabhasúcháin na mbóithre áitiúla an LIS.
Scrúdóidh saineolaithe timpellachta agus innealtóirí an bád an MV Alta a tháinig isteach ar an gcladach gar do Bhaile Choitín i gCorcaigh arú inné go bhfeicfidh siad an bhfuil aon chontúirt inti don timpeallacht ar maidin inniu.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha