Adhmhaidin

Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé hAoine 6 Nollaig 2019

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Séamus Mac Donnchadha.

Príomhscéalta an Iarthair.

Máire Áine Ní Chuaig.

Príomhscéalta an Deiscirt

Jeaicí Mac Gearailt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Mairéad Uí Annluain.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta

Gormfhlaith Ní Thuairisg.

An Tuairisc Spóirt.

Paddy Ó Gríofa.

Dónal Ó Loingsigh, feirmeoir.

Feilméar mairteola i gCúl Aodha i gCorcaigh ag cur síos ar agóid an IFA i Ráth Luirc ar maidin ag ionad dáileacháin Lidl an iarraidh seo.

Niall Ó Muilleoir, tráchtaire, Nua Eabhrach.

Dúirt ceann comhairle Theach na nIonadaithe i dTithe Comhdhála Mheiriceá, Nancy Pelosi, go bhfuil ordú tugtha aici do choiste breithnúna an tí sin, tús a chur le cúiseanna táinsimh in aghaidh an Uachtaráin Donald Trump.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTE Raidió na Gaeltachta.

Dúirt John McGuinness go vótálfadh sé in aghaidh an Rialtais sa gcéad vóta mímhuiníne eile & feilméaraí ar thairseach an Aire Talmhaíochta. Bille a leasódh acht na dteangacha oifigiúla le cur faoi bhráid an rialtais Dé Máirt.

Tommy Standún, tráchtaire talamhaíochta.

De réir tuarascála ó Chúirt na nIniúchóirí san Eoraip níl mórán buntaiste le fáil ó chuid mhaith don chúiteamh a fhaigheann feirmeoirí faoin gcomhpholasaí talmhaíochta.

Thomas Byrne, T.D., urlabhraí oideachais, Fianna Fáil.

Tá daoine a d'fhulaing mí-úsáid gnéis sa mbunscoil ag iarraidh scéim chúitimh airgeadais ar an Rialtas

Caoimhín Mac a Bhaird, cathaoirleach, Coiste Pleanála Teanga Thuaisceart Dhún na nGall.

Tá Oisín Mac Eó de bhunadh Dhoire ceaptha mar Oifigeach Pleanála Teanga do Limistéar Pleanála Teanga Thuaisceart Dhún na nGall.

Pacáiste ó chruinniú ESB Networks sa Daingean faoi fhuinneamh inathnuaite..

Bhí ócáid ag ESB Networks sa Daingean aréir, inár tugadh eolas don phobal faoin dul chun cinn atá déanta i gCorca Dhuibhne le bliain anuas, ag cúigear ambasadóirí a roghnaíodh le gléasanna fuinnimh éagsúla a bhur i bhfearas ina dtithe, ina ngnóanna agus ar a gcuid feirmeacha.

Daithí Ó Cualáin, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Níl an Comhairleoir sásta leis an dara tuarascáil ar Dhroichead Charraig an Logáin i Leitir Móir atá déanta ag an gcomhlacht O Connor, Sutton, Cronin.

Adhmhaidin

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

adhmhaidin@rte.ie

+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623 
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114 
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís