Adhmhaidin Déardaoin 5 Nollaig 2019
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Máire de Bhailís.
Nuala Ní Chonghaile.
Daithí De Mórdha.
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Paddy Ó Gríofa.
Michael Fitzmaurice, T.D. ag éileamh ar an gCoimisinéir Iomaíochta Margrethe Vestager tionscail na mairteola in Éirinn a fhiosrú.
Tháinig baill de pháirtí parlaiminte Fhine Gael le chéile aréir le plé a dhéanamh ar staid an pháirtí agus tuairim choitianta ann go mbeidh olltoghchán sa chéad leath den bhliain nua.
Tá Cumann na Meánmhúinteoirí le treoir a thabhairt dá gcuid ball teorann a chur leis an bhfreastal atádar a dhéanamh ar chruinnithe a bhaineann leis an tSraith Sóisearach. Deir sí nach gá go mbeadh aon imní ar mhúinteoirí ná daltaí faoi pháipéir scrúduithe na Gaeilge sa tSraith Shóisearach nua.
Ochtar faighte ar bhád i bPort Láirge - á gcur ar ais go dtí an Fhrainc anois.
Tá 95% do chabhlach iascaigh na tíre, atá níos mó ná dhá mhéadar déag ar fhad, cláraithe anois le Scéim de Chuid an Rialtais agus Bhord Iascaigh Mhara, dar teideal "Ag Iascach Bruscair".
Caithfidh Comhairle Contae na Gaillimhe tosnú ag cur plean le chéile le ballaí cosanta cósta a chur ar fáil do cheantair atá íseal agus i mbaol mar gheall ar thuillte, a dúirt an Comhairleoir.
Tá cead tugtha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do 4 ceann déag de na hiarratais a rinneadh ar Fheirmeacha Sligéisc ag Báigh Bhaile an Easa agus Machaire Rabhartaigh.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha