Adhmhaidin

Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Céadaoin 7 Feabhra 2018

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Máirín Ní Ghadhra.

Príomhscéalta an Tuaircirt.

Michelle Nic Grianna.

Príomhscéalta an Iarthair.

Cáit de Bhailís.

Príomhscéalta an Deiscirt.

Jeaicí Mac Gearailt.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Gormfhlaith Ní Thuairisg.

An Tuairisc Spóirt.

Paddy Ó Gríofa.

Peadar Ó Scanaill , Tréadlia.

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Talmhaíochta go bhfuil Fliú na nÉan, H5N6 ar éan fiáin i dTiobraid Árann.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Éileamh de chuid Fhianna Fáil go mbeadh athbhreithniú neamhspleách ar an bpróiseas tairisceana don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.

Sorcha Uí Mhurchú, Cathair Saidhbhín.

Tá iarratas déanta ag Sorcha ar mhaoiniú ó Pháirtnéireacht Chiarraí Theas faoin gclár Leader, ar mhaithe le Ionad Gaeilge a oscailt amach anseo don phobal, i dteach atá aici i mbaile Chathair Saidhbhín.

Séamus Ó Tuathail, Abhcóide Sinsearach.

Tabharfar cás ós comhair na cúirte Uachtaraigh an mhí seo a bhféadfadh impleachtaí a bheith aige ar an reifreann ginmhillte atá beartaithe. Baineann an cás le cearta Bunreachta na mBeo gan bhreith. Má bhaintear an t-ochtú leasú as an mBunreacht an bhfuil cearta fós sa mbunreacht don pháiste sa mbroinn?

Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, Gaeltachta/Oileán . Éisteacht leis an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, Indreabhán.

An tIonad Tacaíochta Teaghlaigh ós comhair Chomhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta, Oileán inné ag cur síos ar na dúshláin atá ann ionad lán Ghaeilge a reáchtáil i gceantar Gaeltachta.

Cróna Ní Ghallchóir, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall i dteagmháil le Comhar Naíonraí na Gaeltachta féachaint a nglacfadh siad le Naíolann a bhí á reáchtáil ag an mBord i nGort a Choirce.

Piaras Mac Éinrí, léachtóir, Coláiste na hOllscoile Corcaigh.

Tá Coláiste na hOllscoile Corcaigh ag ceiliúradh stádas tearmainn na hOllscoile an tseachtain seo agus seachtain na dteifeach faoi lán tseoil ann.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

adhmhaidin@rte.ie

+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623 
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114 
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís