Adhmhaidin Dé hAoine 27 Meitheamh 2014
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Brid Ní Chualáin.
Jeaicí Mac Gearailt.
Frances Nic Géadaigh.
Marion Ní Shuilleabháin.
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Geri Nic an Iomaire
Rúndacht bhord an Rialtais, cá bhfágann sé an fiosrúchán baincéireachta anois?
Chuir Foireann Tarrthála Sléibhe Dhún na nGall fáilte roimh an allúntas airgid de €200,000 a d'fhógair an tAire Iompair Leo Varadkar inné don tseirbhís náisiúnta tarrthála sléibhe.
Bhí an chéad chruinniú inné idir feidhmeannaigh ón Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus an coiste a dhéanann monatóireacht ar chúrsaí farantóireachta agus aer thaistil go hÁrainn.
An tSiria tar éis a ladar a chur i ngráití na hIaráice - an dtarraingeoidh sé seo An Iaráin agus Meiriceá isteach sa trodaíocht?
Tá dul chun cinn mór déanta ar an bhfoirgneamh atá á thógáil i mBaile an Fheirtéaraigh Thiar do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.
An Taoiseach ag cruinniú Mullaigh agus an seisiún deirneach díospóireachta i mBleá Cliath aréir do Cheannaireacht an Lucht Oibre.
Taighde Age Action ar an tionchar a bheadh ag aon athrú ar an tseirbhís saor thaistil do phinsinéirí.
(a) Moltaí nua ón gcóras eadrána idir áitritheoirí agus CLG faoi choirmeacha ceoil i bPáirc an Chrócaigh; (b) An chúis nach mbeidh craoladh beo teilifíse ar an athimirt ar an gcluiche iomána idir Gaillimh/Cill Choinnigh tráthnóna amárach sa Tullach Mór.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha