Adhmhaidin Dé Luain 23 Meitheamh 2014
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Bríd Ní Chualáin.
Marion Ní Shuilleabhán
Finín Ó Tuama.
Frances Nic Géadaigh.
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Ciarán Ó Fatharta.
An phlé ar siúl arís faoin tuairimíocht go gceapfaí an Taoiseach Enda Kenny i gceannas an Choimisiún Eorpaigh. Agallamh teilifís aréir leis an Taoiseach.
Caithfidh mic léinn fanacht feasta i dtithe lóistín atá aitheanta ag an Roinn Ealaíonn Oidhreachta agus Gaeltachta le linn dhóibh a bheith ar chúrsaí i nAcadamh na hollscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair.
Bainisteoir Fáilte Éireann sa Daingean ag caint ar shéasúir turasóireacht na bliana seo i gCorca Dhuibhne.
Imní léirithe faoin tseirbhís síciatrach sa oir-dheisceart . Is amhlaidh an cás ar fud na tíre a deir an Dr. De Barra, stiúrthóir Cliniciúil, Cluain Mhuire agus Dochtúir in Ospidéal Naomh Eoin Dé.
Bás Gerry Conlon, duine de cheathrar Guildford a d'éag ag an deire seachtaine ; Cuimhní dhuine dena sagairt a bhí gníomhach i bhfeachtas Cheathrar Guildford /Seisear Birmingham agus cásanna eile.
Tuairisc ar sheoladh an chláir "Aran Life" a bhí ar siúl i nInis Oirr ag an deire seachtaine. Páirteach: An tAire Stáit Donnacha Mac Fhionnlaoich TD; An Dr Daire Ó hUallacháin;Andí Bleasdale NPWS.
An dearca sa mBreatain ar an bhforéigin is deireanaí san Iaráic; Imní faoin tionchar a bheas ag imeachtaí ar an mBreatain ó thaobh ionsaithe sceimhlitheoireachta sa mBreatain féin.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha