Adhmhaidin Dé Céadaoin 30 Aibreán 2014
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Bríd Ní Chualáin.
Marion Ní Shúilleabháin.
Finín Ó Tuama.
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.
Pianbhreith gearrtha sa Chúirt Chuarda Choiriúil tráthnóna inné ar William McAteer agus Pat Whelan a fuarthas ciontach i gcás Bhanc Angla Éireannaigh.
Dhiúltaigh Stát-Rúnaí Thuaisceart Éireann, Therese Villiers, d'fhiosrúchán poiblí faoi shléacht Bhaile Uí Mhurchú.
Tá sé fógraithe ar maidin ag Daithí Ó Cualáin go bhfuil sé le seasamh mar iarrthóir neamhspleách sna toghcháin áitiúla i dtoghcheantar Chonamara.
Caitheann foireann nuachta Raidió na Gaeltachta súil ar an bhfeachtas áitiúil sna ceantair Ghaeltachta thuaidh theas agus thiar.
Meastar go bpléifear táillí uisce ag an gcruinniú Rialtais inniu. Ceisteanna faoi cheannaireacht Éamon Gilmore.
An Comhairleoir Cathrach Bríd Smith atá ag seasamh an fhóid do People Before Profit sa toghchán Eorpach i dtoghcheantar Bhaile Atha Cliath.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha