Adhmhaidin Dé Céadaoin 22 Eanáir 2014
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Tuairisg Nuachtáin agus Aimsire
Polaitíocht: Fiosrúchán na mBancanna, athoscailt Ambasáidí. Caint Alan Shatter re Rehab.
Stiúrthóir Tithíochta Chomhairle Contae Chiarraí díomach go bhfuil deire le cur leis an scéim a thug cead d'úinéirí tithe údaráis áitiúla iad a cheannacht dóibh féin.
An dochar a rinne na stoirmeacha do chéibh Mhachaire Rabhartaigh.
Tuarascáil ó Oxfam ag léiriú an bhearna mhór atá idir saibhir agus bocht ar fud an domhain. An foilseachán dírithe ar chruinniú Davos san Eilbhéis.
O Cuiv i measc teachtaí sa Dáil aréir a tharraing díospóireacht faoi chás Margaretta D'Arcy atá i bPríosún Luimní de bharr eachtraí a bhain le hagóid faoi fhórsaí Mheiriceá ag Aerphort na Sionna.
Coiste póilíneachta Chontae na Gaillimhe ag moladh nár chóir go síneofaí conradh nua le capaill a bhíonn ar strae ar fud an chontae a bhailiú agus a chur i ngarraí gabhann nó a mharú.
Deaglán beo as Tehran ar thoscaireacht Eireannach atá san Iaráin faoi láthair.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha