Adhmhaidin Déardaoin 9 Eanáir 2014
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta, Nuacht an Iarthair, Nuacht an Deiscirt, Nuacht an Tuaiscirt, Tuairisc ar na Nuachtáin agus Tuairisc Spóirt.
An INTO ag rá go bhfuil an scéim a d'fhógair an tAire Oideachais ar maidin le leabhair a fháil ar cíos sna scoileanna náisiúnta éagórach don 75% do scoileanna a bhfuil scéimeanna curtha ar fáil acu cheana féin.
Cur síos ar an aimsir fhuar fheannta i Meiriceá óna Stáit Aontaithe.
An Taoiseach á chosaint féin nár labhair sé ar chearta daonna ar an toscaireacht trádála sa Meán Oirthear agus an tAire Noonan ainmnithe ar an Aire Airgeadais is fearr san Eoraip.
Tá moladh curtha ag Coiste Forbartha an Spidéil chuig na Coistí éagsúla i gCeantar Chois Fharraige, go dtiocfadh siad le chéile mar ghrúpa amháin chun iarratas a dhéanamh le plean teanga a réiteach don cheantar idir na Forbacha agus Ros a' Mhíl.
Bheadh cibé Coimisinéir a cheapfaí ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, , ag feidhmiú mar Riarthóir mura nglacfar le buiséad 2014 ar an Luan seo chugainn.
Naoinár ag iarraidh ainmniúcháin ag Coinbhinsiún Fhianna Fáil don toghchán áitiúil i gConamara.
Táthar ag súil go mbeidh oibrithe SIPTU i monarcha Liebherr i gCill Áirne, ag vótáil ar mholtaí réitigh na cúirte oibreachais faoi aighneas pá sa mhonarcha, go luath an mhí seo.
Níl aon iontas ar NHI faoin ardú atá tagtha ar líon na n-othar atá ar throllaithe agus ardóidh sé tuilleadh mar go bhfuil níos lú don Aosach ag fáil tacaíochta ón scéim FAIR DEAL.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha