Adhmhaidin Déardaoin 19 Meán Fómhair 2013
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta, Nuacht an Tuaiscirt, Nuacht an Iarthair, Nuacht an Deiscirt, Tuairisc ar Nuachtáin agus Tuairisc Spóirt.
An Fiosrúchán Bancéireachta a d'fhógair an Rialtas inné agus na milliún euro atá le tabhairt ag cáiníocóirí do Chomhar chreidmheasa Dhroichead Nua.
Eolas a fuair sé faoin acht um shaoráil faisnéise ina raibh caidreamh ag APPLE leis an Roinn Airgeadais faoi tháirgí an chomhlachta a dhíol leis an Stát.
Ag iarraidh ar Chomhairle Contae na Gaillimhe an obair ar Mhuileann Gaoithe Leitir Gungaid a stopadh láithreach de bharr an dochar a dhéanfaidh sé do chúrsaí timpeallachta.
Ceisteanna Dála faoi cheapúcháin Bhord Údarás na Gaeltachta agus an Stráitéis 20 bliain a d'fhreagair an tAire Stáit Gaeltachta Donncha Mac Fhionnlaoich.
Figiúirí an Phríomhoifig Staidrimh faoin eacnamaíocht atá le faoilsiú ar maidin agus an fiosrúchán baincéireachta.
Ní ábhar mór díómá é do lucht gnó an Daingin gur dhiúltaigh an Bord Pleanála don obair fhorbartha ar bhóthar an N86 idir an Daingean agus Trá Lí.
Tosófar an mhí seo ar an staidéar seandálaíochta ar bhóthar an N56 idir Báigh Uachtar agus Cill Choinnigh, i gceantar Ghaoth Beara, mar pháirt den réamh obair don bhealach air.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha