Adhmhaidin Dé Céadaoin 21 Lúnasa 2013
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiunta & Gaeltachta. Tuairisc Nuachtáin agus Spórt.
Aisghairmíodh an Seanad inné chun ceist an chórais deonaithe orgáin a phlé B'é an Seanadóir Mark Daly ó Fhianna Fáil a d'iarr an díospóireacht. Thug páirtithe an rialtais na cosa leo ar éigin sa bhóta a tógadh ar an gceist a bhain leis na rialacháin faoi deonú orgáin. Bhóta an chathaoirligh a thug an bua do pháirtithe an rialtais.
Bhótáil beirt iar-Sheanadóir de chuid Fhine Gael: Fidelma Healy Eames agus Paul Bradford in aghaidh an rialtais faoi cheist an chórais deonaithe orgáin. In aighneas Bhus Átha Cliath, ghlac oibrithe an cheardchumainn SIPTU le téarmaí réitithe na Cúirte Oibreachais faoi athraithe ar théarmaí oibre.
Thug Lúsia tuairisc ar Fhéile Rós Thrá Lí. Sí Rós Texas, Hayley O Sullivan a roghnaíodh mar Rós Thrá Lí aréir. Is as Oileán Bhéara in Iar Dheiscirt Chorcaigh a sean athair. Thuairisc Lúsia freisin ar na pleananna atá ann anois Ionad buan a fhorbairt i mBaile Thrá Lí don fhéile agus imeachtaí eile.
Beidh cruinniú éigeandála ag Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh inniu chun géarchéim na hÉigipte a phlé, go háirithe an moladh go gcuirfí deireadh leis an tacaíocht airgid a thugann an tAontas don tír.
Tá fás agus forbairt ar an díolachán leabhar atá dá dhéanamh ag an gcomhlacht Socos Teo atá lonnaithe in Indreabhán. Tá daoine breise fostaithe ag an gcomhlacht.
Tá ceapacháin an Chomhairleora Daithí Alcorn ar Bhord Údarás na Gaeltachta ceadaithe anois ag an Aire Stáit Gaeltachta, Donncha Mac Fhionnghaile. Glanadh a ainm faoi líomhaintí a bhain le cúbláil costais comhairleoirí contae i dTír Chonaill.
Tá an chéad tír as réigiún na mBalcáin ceadaithe isteach mar bhall iomlán den Aontas Eorpach an samhradh seo. Tá an Chróit i mbun idirbheartaíochta leis an Aontas ó 2005 agus is í an chéad tír den chuid na h-iar Iúgslaibhe le ballraíocht iomlán a bhaint amach.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha