Adhmhaidin Dé Máirt 30 Iúil 2013
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Nuacht Náisiúnta & Áitiúil, Ceannlínnte na nuachtán & Tuairisc spóirt.
Cuirfear scrúdú iar bháis inniu ar choirp na beirte dearthar a fritheadh i gcarr a bhí páirteach i dtimpist taobh amuigh de Chathair na Mart, i gCo. Mhaigh Eo inné.
Caithfear deis a bheith ag an bpobal páirtíocht níos bríomhaire a bheith acu 'sna meáin chumarsáide a bhfuil ról poiblí acu; RTÉ Raidio na Gaeltachta, a dúirt Gearóid Ó Tuathaigh aréir Scoil Samhraidh Mhic a' Ghoill 'sna Gleannta .
Thionól an tUachtarán Michael D. Higgins cruinniú inné leis an gComhairle Stát chun plé a dhéanamh ar an mBille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis. Déanfaidh sé cinneadh ar cheart dhó é a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí chun athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh.
Arú amárach, an chéad lá de Lúnasa an spriocdháta d'iarratais i gcomhair deontais tríú leibhéal agus deir an eagraíocht a bhronnann na deontais go bhfuil na fadhbanna móra a bhí acu anuraidh réitithe anois.
Bhronn an tAire Stáit Gaeltachta Donnchadha Mac Fhionnghaile scoláireachtaí Fulbright ar scoláirí as na Stáit Aontaithe agus as Ceanada ag ócáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua aréir.
Tá sé ag dul rite leis an gcomharchumann aon scéimeanna nua a bheadh éifeachtach agus simplí a chur i bhfeidhm ar an oileán mar gheall ar an maorlathas a bhaineann le ranna stáit.
Chas an tAire Iompair, Leo Varadkar, inné le daoine atá ina gcónaí gar do dhroch phíosa bóthair ar an N59 i gceantar Ugúla idir Maigh Cuilinn agus cathair na Gaillimhe. Thug beirt áitiúil a ndearcadh ar dhroch staid an bhóthair.
Deir an Comhairleoir Contae Pádraig Ó Dochartaigh nach bhfuil rogha ar bith ag Comhairle Contae Dhún na nGall ach caiteachas a laghdú, má tá siad leis an gceann is fearr a fháil ar na deacrachtaí airgid atá acu faoi láthair.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha