Adhmhaidin Dé hAoine 26 Iúil 2013
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Nuacht Náisiúnta & Idirnaisiúnta, Nuacht Áitiúil. Tuairisc Spóirt.
Tá an Dáil agus an Seanad scortha don samhraidh, cá seasann cúrsaí anois imeasc na bpáirtithe polaitíochta agus céard atá in ann don Seanad ó tharla reifreann ar a dhíothú a bheith fógartha don fhómhar.
Tá sé tagtha chun solais go mbeidh níos mó le fulaingt ag creidiúnaithe de chuid Bhanc Angla Éireann nó an IBRC ná mar a ceapadh.
Osclófar an droichead nua do choisithe thar Abhainn an tSulain i Má Chromtha Déardaoin seo chugainn.
Maraíodh cheithre scór duine agus tá ceithre dhuine dhéag 's ceithre scór san ospidéal. Tá fíor-dhroch-bhail ar cúig dhuine dhéag is fiche.
Deir bainisteoir ghrúp-scéim uisce Loch Iorbairte i Leitir Mealláin go bhfuil géarchéim airgeadais acu agus go bhféadfadh sé go gcaithfidh daoine a dhul d'oireasa uisce muna bhfuil siad sásta íoc as.
Tá an Comhairleoir Ó Domhnaill ag iarraidh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall tasc fhórsa a bhunú le tacaíocht a thabhairt dona bailte beaga.
Léiríonn na figiúirí éisteachta raidió JNLR a heisíodh inné go n'éistíonn 58% den phobal le stáisiúin áitiúla agus go n'éistíonn 45% den phobal le stáisiúin náisiúnta, titim 2% ar an mbliain anuraidh. Deáscéal atá 'sna torthaí do RTÉ adeir an leachtóir cumarsáide.
Athrú aigne tagtha ar Sinn Féin i dtaobh Sheanad Eireann. D'fhógair siad ar maidin go mbeidh siad ag tacú leis an rialtas agus iad ag iarraidh é a chur ar neamhnaí.Votáil Seanadóirí agus Teachtaí Dála i gcoinne na reachtaíochta don reifreann an tseachtain seo caite.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha