Adhmhaidin Déardaoin 18 Iúil 2013
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Vótáil i Seanad Éireann aréir ar an reifreann le deire a chur leis an Seanad ; An Dáil dá scor inniu don samhradh. An Seanad ag leanacht leis an díospóireacht ar reachtaíocht an ghinmhilleadh.
Seisiún eolais i gCorcaigh inné faoin staidéar atá ar siúl ar na fadhbanna tuilte a bhí ansin le cúpla bliain.
Scannán dá thaispeáint in amharclann faoin aer anocht i mBéal a Mhuirthid mar chuid de Fhéile Iorrais i Maigh Eo .
Tuarascáil ó Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) faoi airgeadú na craoltóireachta poiblí - Ráiteas an Aire Cumarsáide . Craoltóireacht na Gaeilge -Raidio Na Gaeltachta agus TG4 agus a bhfuil in ann de sheirbhís raidió thre mheán na Gaeilge.
Ceiliúradh mór san Affric Theas inniu ar bhreithlá Nelson Mandela a bhfuil 95 bliain slánaithe aige .Ach cén chaoi a bhfuil a shláinte?.
Comharchumann Aran Mhór míshásta lena socraithe cáin bóthair atá ar charranna an oileáin. Ní cheadaíonn an cháin dheoibh na carranna a úsáid ar bhóithre ar an mórthír.
Urlabhraí dochtúirí Choláiste an ICGP atá ag eirí as cláracha cúraim cliniciúil de dhaoine a bhfuil deacrachtaí sláinte ar leith acu .
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha