Adhmhaidin Dé Luain 8 Iúil 2013
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Conspóid i gcónaí i bpáirtí Fhine Gael faoin reachtaíocht a bhaineann leis an nginmhilleadh. Anailís ar Phobalbhreith an lae inné a d'fhoilsigh an Sunday Independent.
Téipeanna Dolours Price ó chomhaid Boston College tugtha ar láimh don PSNI.
An tionchar a bheas ag na hathruithe ar chíos thithe Comhairle Contae i nDún na nGall an bhliain seo chugainn.
Cuid d'aitheasc Chathaoirleach Údarás na Gaeltachta ag Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge in Árainn Mhór ag an deireadh seachtaine.
Gairdín cuimhneacháin á fhorbairt ar an bhFód Dubh ina gcuimhne siúd a chuaigh ar imirce le 130 bliain.
Stráice nua 4.6km den bhóthar N86 a chosain €8milliún oscailte ar an Aoine ag an Aire Iompair.
Cás na hÉigipte ó ghlac an t-arm seilbh ar an gcumhacht sa tír sin. Tuairiscí gur maróidh 15 dhuine i gcaismirtí aréir.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha