Nuair nach bhfuil Aireacht nó Aireacht Shóisearach ar leith ag tionscail na hiascaireachta, s’peáineann sé nach bhfuil suim ar bith ag na polaiteoirí san earnáil.
Caithfear córas inbhuanaithe a chur ar bun, atá tarraingteach do dhochtúirí, ionas go mbeidís ábalta tréimhsí níos faide ná 90 lá a chaitheamh i mbun oibre in Éirinn roimh fhilleadh ar a dtír dhúchais arís.
An leor socruithe an Rialtais a fógraíodh inné leis an víreas agus na cineálacha eile atá ag teacht chun cinn a chuibhriú? Éifeacht vacsaíní.
Fáilte curtha roimh Phlean Turasóireachta 5 Bhliana Chomhairle Condae Dhún na nGall.
An bhfuil na socraithe cuí dá ndéanamh le gur féidir na srianta agus rialacha nua a chur i bhfeidhm, agus láimhseáil thaisteal thuaidh theas thar teorann?
Tá an rialtas tagtha ar shocrú faoi shrianta L5 a choinneáil go dtí an 5ú Márta, & coraintí éigeantach ar feadh coicíse a chur i bhfeidhm ar aon duine a thagann isteach sa tír.
Corraíl pholaitiúil san Rúis, de bharr seasamh cheannaire an fhreasúra Alexie Navalny a d’fhill ar an Rúis as an nGearmáin le gairid agus é tagtha chuige fhéin théis a bheith go dona tinn ag nimh a tugadh dó.
Níl sé i gceist ag Comhairle Contae an Gaillimhe an teorainn luais atá ag scoil Náisiúnta Ros a Mhíl athrú.
Beidh cruinnithe ag Comhairleoirí Contae Dhún na nGall go luath le plé a dhéanamh ar chlár griottála na Comhairle, agus beidh tuilleadh plé ar an ábhar ag ceardlann speisialta ar an 16ú Feabhra.
Tá an scoil ar an bhfód ó mhí Lúnasa & an scoil ag clárú daltaí nua anois, don scoilbhliain seo chugainn. Ba scoil Bhéarla í go dtí sin, ach d'athraíodar go Gaelscoil agus scoileanna eile ag fiosrú leo faoin gcaoi le tabhairt faoin athrú.
Tá an saineolaí sláinte poiblí an Dr. Gabriel Scally, ag moladh gur cheart don bhFeidhmeannas ó thuaidh agus an Rialtas ó dheas suí síos le chéile le theacht ar réiteach faoi shrianta aontaithe le gur féidir dul i ngleic le scaipeadh an víreas Covid19.
Tá Sinn Fein ag moladh gur chóir cinneadh a dhéanamh ar bhonn práinne faoi scrúdú na hardteistiméireachta i bhfianaise a bhfuil ráite ag an Taoiseach M Martin go bhfeadfadh sé nach mbeadh dlataí ag filleadh ar an scoil go dtí théis na Féile Pádraig.
Beidh cruinniú rialtais ann ar maidin le cinneadh críochnúil a dhéanamh faoin gcaoi a láimhseáilfear cúrsaí taistil isteach chun na tíre agus gluaiseacht thuaidh theas.
Gníomhaíochtaí an Údaráis - An Tuaisceart.
Léargas ar a bhfuil sa tuarascáil faoi réigiún an Iarthair, agus na Mí
Gníomhaícht an Údaráis - an tIarthar.
An dul chun cinn sa bpróiseas pleanála teanga.
Ráiteas deireadh bliana Údarás na Gaeltachta.
Láimhseáil an Rialtais ar an ngéarchéim atá ag dul in olcas, agus a cheantar fhéin Béal a Mhuirthead buaillte go dona ag an aicíd.
Tá na ceardchumainn múinteoireachta agus ionadaithe rialtais le leanacht do chomhráití arís an tseachtain seo féachaint le theacht ar shocrú i dtaobh athoscailt scoileanna agus ceisteanna eile. Tá ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre ag iarraidh go mbeadh cinneadh déanta faoin Ardteist go ríghairid.
Deir an IMNO go bhfuil an méid den víreas COVID19 atá dá tholgadh ag oibrithe sláinte sna hospidéil imithe ó smacht uilig.
Ceadaíodh 20,000 euró a tseachtain seo fé scéin imeachtaí caitheamh aimsire faoin aeir do chuid an rialtais le feabhais a chuir ar áiseanbna a bhaineas le siúlóid sleibhe idir na Gleannta Thuaidh an Daingean agus an ceantar an Leith Triúch thar cnoc.
Ba cheart scoileanna a choinneáil dúnta ar mhaithe le sábháilteacht, ach amháin sna cásanna a bhfuil géarghá leo. Bíonn a hiníon ag freastal ar Ionad Lakeview Bhráthre na Cathrannachta sa Roinn Mhór i nGaillimh.
Buntáiste mór a bheadh ann do cheantracha Gaeltachta agus ceantracha tuaithe dá gcuirfí cleachtais chian oibre i bhfeidhm go náisiúnta.
Dhiúltaigh an Ardchúirt do chead a bhí tugtha don chomhlacht Bradán Beo Teoranta ón mBord Pleanála uisce a thógáil as Loch a Mhuilinn, i Leitir Mealláin le bradáin a ghlanadh ionas nach bhfaighidh siad míolta mara. A thionchar seo ar phlean do Pháirc na Mara?
Tá sé fógraithe ag an bhfeidhmeannas i dThuaisceart Éireann nach bhfuil aon mhaolú le déanamh ar srianta COVID 19 agus go bhfuiltear le leanacht ar aghaidh mar atá go dtí an 5ú Márta ar aon nós.
Bhí an Taoiseach Mícheál Martin i láthair ag cruinniú fíorúil de cheannairí thíortha an Aontais Eorpaigh aréir, le plé a dhéanamh ar plean do dháileadh vacsaín ar thíortha an réigiúin, agus an chaoi a láimhseáilfear
Deir an Príomhoifigieach leighis Tony Holohan in ainneoinn go bhfuil biseach ag teacht ar líon na gcásanna de COVID 19, mar sin fhéin tá na deacrachtaí sna hospidéil ag dul in olcas.
You will have to download and install software to be able to subscribe to podcasts, and download the latest shows. There are a number of freely downloadable programmes that allow you to access podcasts. Some of the most popular applications are iTunes, Juice and Doppler, for a list of more options go to www.podcastingnews.com. RTÉ is not resposible for the content of external websites or applications.
Copy the URL from below or from the address bar of this page and then insert it into your podcast software, look for an ADD or SUBSCRIBE option and follow the instructions. URL: Your software will automatically inform you of any new editions to the podcast without the need to subscribe again. If you have iTunes installed you can use this One Click Subscription.
The podcast will be downloaded in mp3 format or mp4 if it's video, once the download is fully complete you can simply listen to or watch the programme on your computer, or transfer the file to a portable device (mp3 player, iPod etc) and listen to it at your convenience.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha