Míoca
Tá ionadaithe ó Ghrúpa Gníomhaíochta Míoca le cástáil leis an Aire Tithíochta Darragh O'Brien agus feidhmeannaigh na Roinne inniu, le cur in iúl do arís nach nglacfaidh siad le rud ar bith taobh amuigh de scéim cúitimh céad faoin gcéad, do dhaoine a bhfuil na brící lochtacha ina dtithe.
Tá tuairisc le dhul os comhair Bhord an Rialtais amárach leis na moltaí atá déanta faoi scéim cúitimh do na húinéirí tí a bhfuil Míoca ina gcuid tithe.
Otharcharranna
Shocair Fóram Sláinte an Iarthair cruinniú speisialta a reáchtáil ar an Mhí seo chugainn le Seirbhís Otharcharranna sa Réigiún a phlé.
Ba é an Comhairleoir Gerry Crawford ball den fhóram sláinte a mhol an cruinniú speisialta seo agus dúirt sé gur cheart go mbeadh na heagrais ar fad a bhfuil baint acu leis an tSeirbhís a bheith i láthair.
Dúirt an Comhairleoir Crawford ag cruinniú d'Fhóram Sláinte an Iarthair inné go bhfuil gá le h-athbhreithniú iomlán neamhspleách ar chóras oibre na seirbhíse mar go bhfuil barraíocht moille leis an tSeirbhís faoi láthair agus go bhfuil beatha a gcur i mbaol.
Toraigh
Tá cead pleanála a lorg ag Ealaíontóirí Oileán Thoraí le Gailearaí Dixon ar an Oileán a leagan agus foirgneamh úr a thógáil ina áit.
Dúirt Antoin Ó Mianáin, duine d'ealaíontóirí Thoraí go bhfuil tais i mballaí an Ghailearaí le fada agus go bhfuil gá le níos mó spáis anois le ceardlanna ealaíne agus taispeántais á reáchtáil.
Níl tacaíocht ar bith ag earnáil na hiascaireachta ó Rialtas na hÉireann nó ón Eoraip, a dúirt an Teachta Dála Thomas Pringle.
Cháin sé an tAire Mara Charlie McConalgoue agus an Rialtas agus dúirt sé gur theip orthu margadh mar is ceart a fháil do iascairí na hÉireann nuair a d'fhág an Bhreatain an tAontas Eorpach.
Rinneadh méadú 55% ar chuóta murlas na hIoruaidhe, agus rinneadh laghdú 26% ar chuóta na hÉireann, a dúirt an Teachta Pringle.
Poist nua
Tá dhá phost fógraithe an tseachtain seo ag Lárionad Acmhainní Nádúrtha i gCill Ulta.
Tá post mar Chomhordaitheoir Gnó a thairiscint chomh maith le post eile mar agra-éiceolaí.
Teastaíonn cáilíochtaí tríú leibhéal don dá phost agus tá eolas faoin dá phost ar shuíomh idirlíon CillUlta.ie.