Comhairle Contae

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae Dhún na nGall John McLaughlin go mbainfidh gach paróiste sa Chontae tairbhe as buiséad na Comhairle Contae ar glacadh leis inné.

Chomh maith leis an bhuiséad ioncaim €185.5m dúirt sé go mbeidh €248m eile ar fáil in airgead caipitil ón Rialtas do thograí móra sa chontae.

Carrianna

D'fhoilsigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Teachta Charlie McConalogue tuarascáil inniu le dhul i ngleic leis an fhadhb go bhfuil líon ard carrianna sa tír.

Tá feirmeoirí Dhún na nGall ag iarraidh na gcarrianna a chuileáil le fada mar go bhfuil imní mhór orthu fán ardú atá tagtha ar chásanna d’Eitinn Bhólachta nó TB sa chontae dá mbarr.